CIC Logo

Leabhar Mór na nAmhrán

By Micheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg, Peadar Ó Ceannabháin, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781909367586  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana 2013

Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, atá ann. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh maidir le cé dar díóbh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann.

Tá amhráin sa leabhar seo a bhfuil eolas go forleathan orthu agus amhráin nach bhfuil an cur amach céanna ag daoine orthu. Tá amhráin bheaga agus amhráin mhóra anseo, iad fada agus gearr, mall agus sciobtha, sean agus óg.

'Ba iad na hamhráin seo a choinnigh beo iad scaití, a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchas dóibh in am an ghátair. Ba saibhreas anama san am sin iad is níor ligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linne chomh hábalta céanna.'
-Micheál Ó Conghaile

Na hEagarthóirí

Micheál Ó Conghaile:Scríbhneoir cruthaitheach agus foilsitheoir. Bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht sa mbliain 1985. Ball de Aos Dána. Eagarthóir na gcnuasach amhrán Croch Suas É! (1986) agus Up Seanamhach (1990).

Lochlainn Ó Tuairisg: As Cois Fharraige i gConamara. Eagarthóir le Cló Iar-Chonnacht ón mbliain 2005. Taighde déanta aige sa stair agus sa mbéaloideas. Comhúdar an leabhair Tobar an Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne (2007).


Peadar Ó Ceannabháin: Amhránaí sean-nóis as Aill na Brón in Iorras Aintheach. Ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Léachtóir ollscoile agus eagarthóir an leabhair Éamon a Búrc: Scéalta (1983). Altanna scríofa aige ar an sean-nós. Dlúthdhiosca, Mo Chuid den tSaol (CICD131), eisithe aige.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €25.00

Léirmheas

BOOKS IRELAND, September 2013 Leabhar Mór na nAmhrán ed. Micheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg and Peadar Ó Ceannabháin

Is mór an chomaoin atá curtha ag Micheál Ó Conghaile ar phobal na Gaeilge: bhunaigh sé comhlacht foilsitheoireachta sa bhliain 1985 agus ba léir ón tús gur earraí den scoth a thiocfadh uaidh. Níorbh annamh an cnuasach amhrán, Croch Suas É (1986) sa phóca ag daoine ag oícheanta ceoil agus cóisirí: ceannaíodh os cionn sé mhíle cóip den leabhrán laistigh de bhliain. Seo chugainn anois an oidhre ar an leabhar san, agus ní haon áibhéil atá sa teideal. Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nóß, atá ann. Thuig sé tábhacht na n-amhrán, ní mar théacsanna ach mar ealaín bheo agus thosnaigh ag eisiúint cáiséad dá réir (agus dlúthshiocaí in am tráth). Tá breis agus míle amhrán sa chnuasach seo. An té a léifidh an réamhrá le hÓ Conghaile féin, tuigfidh an gaisce atá déanta aige sa réimse seo; ina theannta sin tá liosta na dtaifeadthaí tugtha, liosta na gcéádlínte, foinsí, nótaí ar na hamhráin, agus mar mhaisiú tá 44 grianghraf d’amhránaithe.

Leabhar Mór na nAmhrán Peadar Mac Fhlannchadha, The Galway Advertiser, 16, July, 2013

Tá éacht déanta ag Cló Iar-Chonnacht le foilsiú an leabhar Leabhar Mór na nAmhrán – focail, stair agus cúlra de os cionn ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge.

Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na gaeilge. Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, atá ann. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh maidir le cé dár díobh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann. Tá amhráin sa leabhar seo a bhfuil eolas go forleathan orthu agus amhráin nach bhfuil an cur amach céanna ag daoine orthu. Tá amhráin bheaga agus amhráin mhóra anseo, iad fada agus gearr, mall agus sciobtha, sean agus óg. Tá moladh faoi léith ag dul d’eagarthóirí an leabhar seo: Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir cruthaitheach, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht sa bhliain 1985 agus ball d’Aos Dána: Lochlainn Ó Tuairisg, eagarthóir le Cló Iar-Chonnacht ón mbliain 2005 agus taighde déanta aige sa stair agus sa bhéaloideas: Peadar Ó Ceannabháin, léachtóir ollscoiel agus amhránaí sean-nóis as Aill na Brún, Iorras Aithneach ó dhúchas.