CIC Logo

Ó Lúibíní Lú!

By Caitríona Ní Mhurchú, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 190242073  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

Is gnáthchailín í Rósmáire Ní Ghrifín, nó sin mar a shíleann sí. Tá na gnáthfhadhbanna saoil aici: maistín mór de dheartháir, múinteoir scoile crosta agus an deacracht fáil ar fhoireann peile na scoile. Ní hiondúil go mbíonn an
t-ádh léi, agus is amhlaidh a bhíonn ar a 10ú lá breithe. Déanann gach duine dearmad air seachas a deartháir gránna, téann a máthair isteach san ospidéal agus faigheann sí i dtrioblóid lena múinteoir scoile. Ansin, mar bharr ar an donas, tagann an slua sí ar cuairt chuici san oíche le hinsint di nach duine daonna í ach sióg, duine de Thuatha Dé Danann. Bhuel, is leasc le Rósmáire a leithéid a chloisteáil! Ní cailín pioc siógach í; ní maith léi bándearg, nó aon ní eile siógach, cailíneach ach oiread. Cén fáth, mar sin, gurb ise a roghnaíodh? Agus an bhfuil aon neart aici air?

Is é an t-úrscéal greannmhar, draíochtúil seo an chéad úrscéal i Sraith Chailitín le Caitríona Ní Mhurchú, agus tá sé feiliúnach le haghaidh páistí 8 – 12 bhliain d'aois.

Léigh sliocht as an leabhar

 

 

 

 

Praghas: €8.00