CIC Logo

Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí

By Celia de Fréine, Comhar

Tagairt: 9781999802912  

Ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, Oireachtas na Gaeilge, 2019 

Tá clú ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh as an chéad Ghaelscoil ó laethanta na scoileanna scairte, Scoil Bhríde, a chomhbhunú in 1917, ach ba mhó fós an t-éacht é don bhean seo nárbh eol di an Ghaeilge a bheith ann le linn a hóige. Sa bheathaisnéis seo déanann Celia de Fréine an bhean iomráiteach, fhísiúil, mhisniúil seo a bheochan le daonnacht agus le dúthracht taighde.

Cíortar na gnéithe éagsúla dá saol, óna cúlra teaghlaigh neamhghnách is a hóige sa bhFrainc, go dtí a haistriú go hÉireann i ndiaidh báis a hathar, an pháirt ghníomhach a ghlac sí in Éirí Amach na Cásca agus a cuid oibre ceannródaíche ar feadh a saoil ar son an oideachais lán-Ghaelaigh.

Praghas: €15.00