CIC Logo

Máchail Scéal Díoltais

By Ré Ó Laighléis

Tagairt: 9780957365926  

Buaic-Shaothar Próis na Bliana - an tOireachtas 2019

Is fear óg é Cormac Mac Guidhir atá tiomantas go hiomlán do bhaint amach an díoltais as a bhfuil déanta ag na baincéirí ar a athair. Scríos, cliseadh meabhrach, dúnadh gnólachta agus an-chuid dochair eile atá mar thoradh ar chaimiléireacht lucht an airgeadais. Ach ní mhaithfear an feall dóibh. Íocfar as ar bhealach nach bhfeadfadh na hairgeadóirí a shamhlú riamh - bealach nach bhféadfadh Cormac féin a shamhlú, go deimin. 

Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bealach!

Praghas: €12.95