CIC Logo

Maraíodh Seán Sabhat Aréir

By Sáirséal agus Dill

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

Beatha agus bás an díograiseora, Seán Sabhat, ó Luimneach. Bhí an-eolas ag Mainchín Seoighe (1921-2006) ar stair an chontae. Tá saothar fadálach romhainn' a dúirt Earnán de Blaghd i mBriseadh na Teorann'. Do chreidfinn é, a dúirt Seán Sabhat 'dá nglacfaí lena chomhairle. Ach táid ann... agus is clos dóibh comhairle eile ag teacht chucu thar spás na mblianta; duine ina sheasamh ar imeall slua cruinnithe timpeall uaighe i nGlas Naíon agus tá na focail uaidh soiléir: You cannot undo the miracles of God, who ripens in the hearts of young men the seeds sown by the young men of a former generation. 

Bhí Seán Sabhat ar na hógfhir nach raibh sásta go mbeadh ...An cúigiú cuid Den tír seo na hÉireann Fé mheirge Shasana agus maraíodh é in ionsaí a rinne an tIRA ar bheairic an Royal Ulster Constabulary i mBrookeborough Lá Caille 1957.

Tá mórán Éireannach ann nár aontaigh leis an obair a bhí ar siúl ag an nua-IRA sna Sé Chontae. Deireadh cuid acu, mar atá ráite ag an Ollamh Liam Ó Briain, go raibh a gcroí leo, cé nach raibh a gceann; cuid eile gur mar choirpigh a ba cheart iad a mheas. Pé tuairim a bhíodh againn, i ndiaidh an leabhar seo a léamh ní foláir dúinn a admháil gur thírghráthóir agus idéalaí ar fhíormhúnla an Phiarsaigh Seán Sabhat, agus bímis buíoch go bhfuil a leithéidí á saolú fóß inár measc.

Roghnaíodh an saothar seo le dáileadh ar bhaill an Chlub Leabhar ar choinníoll go bhfágraí amach cuid den ábhar. Réitíodh eagrán speisialta le freastal orthu. Is é an t-eagrán ciorraithe sin atá le fáil ón gClub. Seo é an leabhar iomlán. 

Praghas: €15.00