CIC Logo

Mise

By An Gúm, Colm Ó Gaora

Tagairt: 9781857917383  

Tá an saothar seo ar na leabhair is cáiliúla dár scríobhadh i nGaeilge faoi aimsir Chogadh na Saoirse. In 1943 a foilsíódh a chéaduair é agus cuireadh eagrán nua amach in 1969. Tá an t-eagrán sin á chur ar fáil arís anois tar éis dó a bheith as cló le fada.

Téacs soléite inspéise atá ann ina rianaíonn an t-údar a shaol mar bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus mar Óglach agus na heachtraí a raibh sé páirteach iontu le linn Chogadh na Saoirse i gConamara agus ina áiteanna eile chomh maith leis na sealanna a thug sé i ngéibheann. Tá cur síos ann freisin ar dhálaí maireachtála agus sóisialta mhuintir Chonamara i dtosach an fichiú haois agus ar an obair a rinne sé mar thimire do Chonradh na Gaeilge. 

I nglan-Ghaeilge shaibhir atá an téacs scríofa. I Ros Muc a rugadh Colm Ó Gaora sa bhliain 1887 agus cailleadh é i 1954. 

 

Praghas: €8.50