CIC Logo

Ón Taobh Istigh

By Coiscéim

Tagairt: 6660012200054  

Cad é a d'itheadh cimí poblachtánach do dhinnéar na Nollag? Cén bhaint a bhí ag blas Bhéarla Dheisceart Dhoire ar thús lochtach ar an agóid shalach? Cad chuige a bhfuil an Bíobla léite ó chlúdach go clúdach cúig huaire ag an údar, ainsiachaí danta ó bhí sé sna déaga? 

Tá na freagraí - agus a lán, lán eile - sa leabhar spleodrach spéisiúil spreagúil seo a thugann léargas cuimsitheach ón taobh istigh dúinn ar ghluaiseacht na poblachta agus ar ghluaiseacht na Gaeilge araon. Sna blianta a chaith an t-údar Jake Mac Siacais 'faoi ghlas ag Gall', tharla cuid de na heachtraí is mó a mhúnlaigh an treo a ghlacfadh Óglaigh na hÉireann agus Sinn Féin i leith na coimhlinte ó thuaidh, mar atá, agóid na pluide, an agóid shalach agus na stailceanna ocrais. Ní hé go raibh na himeachtaí sin ag titim amach thart timpeall ar an údar; bhí ról measartha lárnach aige iontu.

Feirsteach go smior é an t-údar, ach - ar chúiseanna áirithe - tá cuid mhór den tír agus den domhan siúlta aige. Tá tuiscint ghrinn aige ar mheon an duine dá bharr, tuiscint a d'fhás nuair a tháinig dúlagar air sna blianta beaga sular scríobh sé an leabhar. Mar an gcéanna leis na hábhair eile a dtráchtann sé orthu sa leabhar, tá a insint ar a streachailt a bhí aige féin leis an mhadadh dubh eolasach, suntasach agus, thar aon rud eile, ionraic. 

Rugadh Jake Mac Siacais i mBéal Feirste i 1958. Fear pósta é agus tá cúigear de mhuirear aige féin agus ag Chrissie. Seo an chéad leabhar uaidh. 

Praghas: €10.00