CIC Logo

Ár gCogar Ciúin

By Dáithí Ó hÓgáin, An Clóchomhar

Tagairt: ISBN 0-903758-72-5  


Cé gur fearr aithne air i gcéin is i gcóngar mar bhéaloideasóir, tá filíocht ag teacht ó Dháithí Ó hÓgáin ó na hochtóidí i leith, filíocht ár linne agus í fáiscthe fuinte as an traidisiún.

Tráthnóna tar éis na fearthainne,

Gar do thitim na hoíche,
Ón bhféar nua-ghearrtha
Fuaireas boladh na dúiche
Go cumhra ar gach taobh . . .

Praghas: €10.00