CIC Logo

Ré Órga na nGael: Joseph Cooper Walker (1961–1810)

By Lesa Ní Mhunghaile, An Clóchomhar

Tagairt: 9781906882754  

I gcaitheamh an ochtú haois déag thosaigh ársaitheoirí Protastúnacha in Éirinn, ar bhaill den uasaicme iad, ag cur spéise i saíocht na Gaeilge mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha féin. Ní raibh siad aineolach ar shaothrú an léinn i measc na nGael agus bhí teagmháil acu le scoláirí agus scríobhaithe dúchasacha. Mar thoradh ar an teagmháil sin, bhí dlúthbhaint ag cuid acu le caomhnú na seanlámhscríbhinní Gaeilge agus le hábhar a fhoilsiú uathu. Ina measc bhí an scoláire Joseph Cooper Walker, údar Historical Memoirs of the Irish Bards (1786). Cuimsíonn an leabhar sin cuntas ar stair na mbard agus ar an gceol dúchasach in Éirinn ón ré réamh-Chríostaí síos go dtí an t-ochtú haois déag, mar aon le roinnt dánta Gaeilge aistrithe go Béarla agus beathaisnéisí Thoirdhealbhaigh Uí Chearbhalláin agus Cormac Common. Tugtar léargas sa saothar seo ar an gcomhthéacs sochpholaitiúil ina raibh Walker ag saothrú agus ar na gréasáin teagmhála lena raibh baint aige. Déantar tábhacht Historical Memoirs of the Irish Bards a mheas agus dírítear aird ar a thionchar ar údair Phrotastúnacha eile mar Charlotte Brooke agus Sydney Owenson.

 

Is léachtóir í Lesa Ní Mhunghaile i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá tréimhsí caite aici ina léachtóir i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, agus i gColáiste San Aingeal i Sligeach, agus roimhe sin bhí sí ina hiriseoir le nuacht TG4. D’fhoilsigh sí Charlotte Brooke’s Reliques of Irish Poetry sa bhliain 2009 agus tá réimse leathan alt scríofa aici ar ghnéithe éagsúla den chaidreamh idir lucht an chinsil agus saíocht na nGael in Éirinn san ochtú agus sa naoú haois déag. Tá spéis ar leith aici in oidhreacht liteartha Oirialla.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €15.00