CIC Logo

Ridire an Ghaiscidh

Tagairt: 9781784441401  

Bhí rí an Éirinn fadó, agus is fadó a bhí…” Caithimis seal i gcomhluadar Ridire an Ghaiscidh, mac rí a tógadh in uaigh faoi thalamh, a shantaigh a bheith ina laoch ar nós na laochra sna scéalta a d’insíodh a mháthair altama dó.

Casaimis ar chuid dá chéilí comhraic: fathach, gearrán bán, gabhairín maol, seanchailleach ghránna, cat, Amadán Mór agus a mháthair, iliomad naimhde eile agus, an dúshlán is mó atá le tabhairt aige, Glúin Dubh.

Sa scéal seo chomh maith tá ríthe (cúpla ceann), iníonacha rí (dháréag!) go leor troda, báid draíochta, an Tuircéis Mhór agus an Tuircéis Bheag. Agus mura bhfuil do dhóthain ansin: comórtas ólacháin, daoine á n-aiséirí ón mbás agus spideog draíochta a thagann i gcabhair ar ár laoch in am an ghátair.

Sa leabhar seo cuirtear cor úrnua greannmhar i seanscéal béaloidis a bhfuil idir gháire, ghreann agus ghliondar le fáil go fras ann.

Bhuaigh an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais. 

Praghas: €8.00