"Is mise Rua, agus is puisín óg álainn mé! Tá cónaí orm le mo chlann ar fad agus le mo mháistreás shéimh. Ní theastaíonn uaim mo bhaile a ágáil go deo…"
Seo a céad scéal do pháistí le Meadhbh Ní Eadhra, scoláire meánscoile a bhfuil cónaí uirthi sa Spidéal, Co. na Gaillimhe. Scéal é seo faoin bpuisín óg, Rua, a fhágann a baile is í an-óg ar fad.
Dar ndóigh, bíonn scanradh uirthi roimh an saol mór, agus níl sé éasca socrú síos i mbaile nua. Insíonn Rua a cuid scéalta ar fad dúinn, ón am a fhágann sí a máistreás go dtí go mbíonn a cuid puisíní féin aici!
Bhuaigh an leabhar seo duais Oireachtais i 2002 agus dúirt na moltóirí: "Bheadh an-tóir ag páistí óga ar an scéilín seo, de bharr cumas an scríbhneora cur síos soiléir, simplí a dhéanamh i stíl atá beo, bríomhar agus lán de ghreann."