CIC Logo

Ruball Trioball

By Esther Göbl Uí Nualláin, Móinín

Tagairt: ISBN 978-0-9564926-0-9  

B'aoibheann le Fionn coileáinín a bheith aige ach tá amhras ar Mham agus Dhaid gurb é sin is ciallmhaire ag an bpointe seo.

Soineantacht na heachtraíochta agus gairdeas na páistiúlachta sníofa go draíochtúil cumasach samhlaíoch ar a chéile anseo. Ábhar aoibhinn pháistí san aoisréimse 6 go 8 bliain.

Faoin údar, Esther Göbl Uí Nualláin.

Is máthair, múinteoir agus gníomhaí teanga í Esther Göbl Uí Nualláin. Múineann sí Gaeilge i Meánscoil Mhuire, Longfort. Tá sí ina Cathaoirleach ar an eagras náisiúnta Comhluadar. Foilsíodh a céad chnuasach Eachtraí Uchtaigh i 2009 agus bhain sin gearrliosta 'Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga' amach. Is é Ruball Trioball an chéad úrscéal do dhaoine óga óna peann agus tá sé dírithe ar léitheoirí idir 6-8 bliain.

Praghas: €8.00