CIC Logo

Sáirséal agus Dill: 1947-1981: Scéal Foilsitheora

By Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781909367692  

Céard a thárla nuair a tugadh leabhar le hEarnán de Blaghd mar bhronntanas do Mháirtín Ó Cadhain? Nuair a chuaigh Breandán Ó Beacháin go hÁrainn chun a chuid Gaeilge a fheabhsú? Nuair a tairgeadh beathaisnéis Sheáin Sabhat do roghnóirí an Chlub Leabhar? 

Nuair a bhunaigh Seán agus Bríghid Ó hÉigeartaigh a gcomhlacht foilsithe, Sáirséal agus Dill, bhí fúthu ardchaighdeán a bhaint amach idir ábhar agus dearadh na leabhar, iad a dhíol go héifeachtach, agus gan aon chinsireacht a chleachtadh. Laistigh de bheagán blianta bhí liosta údar acu ba dheacair a shárú: Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Máirtí Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Liam Ó Flaithearta agus mórán eile. 

Ní gan dua agus costas a cuireadh sin i gcrích. Ba ghearr gur ídíodh bunchaipitil an chomhlachta, agus ba mhinic i mbaol a theipthe é - go háirithe nuair a cailleadh Seán Ó hÉigeartaigh go tobann, in aois a chaoga bliain, agus é ag obair ar phrofaí go déanach san oíche. 

Caitheann an leabhar seo géarsholas ar scríbhneoirí agus ar litríocht na Gaeilge, ar chúrsaí tráchtála agus tionsclaíochta, ar ghnéithe den stáseirbhís, ar pholaitíocht na Gaeilge, agus ar pholaitíocht na hÉireann. 

Praghas: €25.00

Léirmheas

Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora Le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic GearailtLéirmheas FEASTA, 9 Feabhra, 2015 www.feasta.ie

Agus an leabhar á sheoladh ag Cathal Ó Háinle (Ollamh Gradaim de chuid Choláiste na Tríonóide), ar seisean: Is é atá sa leabhar cumasach seo trácht ar an tionscnamh éachtach a chuir Seán Ó hÉigeartaigh agus a bhean Bríghid ina shuí sa bhliain 1947, agus ar an saothar mór a rinne siad ina dhiaidh sin sa chomhlacht a chuir siad ar bun, chun ‘seans ceart foilsithe a thabhairt do ... scríbhneoirí na Gaeilge agus pobal léitheoireachta a chothú dóibh.

Leis an toradh a bhí ar a n-aisling a thuiscint i gceart, ní mór an cheist a chur ‘Mura mbeadh Sáirséal agus Dill ann, cén chuma a bheadh ar Cré na Cille, dá bhfoilseofaí é? Cén bhail a bheadh ar ghearrscéalta de chuid an Chadhnaigh ar nós ‘Ciumhais an Chriathraigh’ nó ‘Círéib’ nó ‘An Beo agus an Marbh’, dá bhfoilseofaí iad? An bhfoilseofaí ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’ le Máire Mhac an tSaoi, abair, nó ‘Cnoc Mellerí’ nó ‘Tulyar’ Sheáin Uí Ríordáin?

Ach bhí Sáirséal agus Dill, agus chuir siad an tsaoirse ar fáil do na sc®íbhneoirí cruthaitheacha scód a ligean lena samhlaíocht, ionas go raibh siad in ann a dtuiscint ar an conditio humana, an coinníoll daonna, a réaladh i bhfírinne.

Tugtar léargas glé dúinn sa leabhar seo ar mhisneach Sheáin agus Bhríghde agus ar a dhílse a bhí siad don aisling a bhí á spreagadh, agus ar na híobairtí ollmhóra a rinne siad agus ar an anró dochreidte a d’fhulaing siad leis an aisling sin a thabhairt chun saoil agus a chur i gcrích.

Murar leor síorbhrú na hoibre agus an tsíorimní faoi mhaoiniú agus an iarracht leanúnacht le scríbhneoirí a mhealladh is a ghríosú is a thiomáint, bhí orthu cur suas freisin le cantal is le clamhsán cuid de na scríbhneoirí a raibh a saothar á fhoilsiú acu, agus le mí-éifeacht clódóirí áirithe, agus le mursantacht agus le creagaireacht agus le heaspa tuisceana na ranna rialtais, ar chóir dóibh a bheith ag tacú go tréan agus go fial leo.

Feictear dom go gcaithfidh sé gur ghoill mursantacht na státseirbhíseach ar Sheán ar bhealach ar leith, mar gur státseirbhíseach ab ea féin agus comhghleacaí dá gcuid siúd ar shlí, agus gur státseirbhíseach é a raibh meas mór air, mar a léirítear sa leabhar seo.

Ach lean sé air ag sclábhaíocht agus ag brú agus ag impí, go dtí gur tharla an tubaiste dho-inste i mí an Mheithimh 1967 nuair a bhuail taom coscrach croí é agus d’fhág a shraith go tobann ar lár. Thuigfeá do Bhríghid dá dtabharfadh sí droim láimhe leis an tionscnamh ansin agus dá scoirfeadh sí an comhlacht; ach ina áit sin, le dílseacht dá caoifeach agus dá aisling, chuaigh sí faoin úim ina haonar agus chuaigh in éadan na sclábhaíochta arís.

As fuil, allas agus deora Sheáin agus Bhríghde a fuineadh an tsraith fhada de leabhra breátha fiúntacha ilghnéitheacha maisiúla a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill idir 1947 agus 1981. Sinne léitheoirí na Gaeilge sa tréimhse sin, ní dóigh liom gur thuig a lán againn fíornádúr na comaoine faoina raibh muid ag Sáirséal agus Dill. Maidir liom féin ach go háirithe, níor thuigeas-sa i gceart ar chor ar bith é.

An chéad teagmháil a bhí agamsa le muintir Uí Éigeartaigh is de bharr leabhair a tharla sé, ach ní haon leabhar de chuid Sáirséal agus Dill a bhí i gceist. Bhí mé i rang na chéad ealaíona i Maigh Nuad sa bhliain 1958 agus an stair mar ábhar amháin de na hábhair agam. Luaigh an léachtóir, Tomás Ó Fiaich, leabhar linn arbh fhiú dúinn a léamh, mar atá A History of Ireland under the Union le P.S. Ó Éigeartaigh, athair Sheáin. Ní raibh teacht agam ar an leabhar, agus scríobh mé chuig m’athair féáchaint an bhféadfadh sé é a fháil dom. Chuaigh seisean isteach sa leabharlann phoiblí in Áth Luain, fuair an leabhar ar iasacht agus chuir chugam ar an bpost é, agus maraon leis litir á mhíniú cad a bhí déanta aige. Bhí airscríbhinn (PS ba chóir dom a rá, b’fhéidir!) leis an litir ina ndúirt sé le híoróin láidir: ‘Is ait liom go molfadh Tomás Ó Fiaich daoibh leabhar le P.S. Ó hÉigeartaigh a léamh!’ B’fhéidir nár thuig m’athair an staireolaíocht, ach bhí tuiscint mhaith aige ar an bpolaitíocht!

Bhí an Ghaeilge mar ábhar eile agam an bhliain sin agus mar phríomhábhar an dá bhliain ina diaidh. Bhí leabhair mhaithe nua-Ghaeilge ar an gcúrsa (An tOileánach, mar shampla), ach seanaimsireacht ab ea an chuid ba mhó de agus ar aon chaoi is mar fhoinsí teanga a bhí na leabhair á léamh seachas mar litríocht. Agus ní raibh aon leabhar de chuid Sháirséal agus Dill ina measc. Ach tá cuimhne shoiléir fós agam ar an lá a cheannaigh mé dhá leabhar le Sáirséal agus Dill dom féin, Dúil le Liam Ó Flaithearta agus Eireaball Spideoige le Seán Ó Ríordáin: ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an ngliondar a chuir siad ar mo chroí!

Cúpla bliain ina dhiaidh sin, chláraigh mé leis an gClub Leabhar, agus is cuimhin liom na chéad leabhair de chuid Sháirséal agus Dill a tháinig chugam ar an bpost: Seans eile le Pádraig Uiséir, Ceart na Sua le Liam Ó Catháin, an leagan easnamhach de Maraíodh Sean Sabhat le Mainchín Seoighe, Dianmhuilte Dé le Diarmaid Ó Súilleabháin, Cois Móire le hAnraí Ó Liatháin... A leithéid d’éagsúlacht ábhair!

Sa bhliain 1967 ceapadh mé i m’Ollamh le Nua-Ghaeilge i Maigh Nuad. Foilsíodh an tSraith ar Lár le Máirtín Ó Cadhain agus Caoin Tú Fein le Diarmuid Ó Súilleabháin an bhliain sin agus chuir mé an dá cheann acu ar chúrsa na ceime sa Ghaeilge láithreach, agus chomh maith leo ina dhiaidh sin Gunna Cam agus Slabhra Óir, dráma Sheain Uí Thuama, a foilsíodh an bhliain dár gcionn, chomh maith le cinn eile a bhí foilsithe roimhe sin: Iníon rí Dhún Sobhairce le Séamus Ó Néill, Na hAird Ó Thuaidh le Pádraig Ua Maoileoin agus Brosna le Seán Ó Ríordáin, agus ar ndóigh, Scothscéalta. Tá súil agam gur chuidigh mé ar an gcaoi sin le breis cóipeanna de na leabhair sin a dhíol!

Lean leabhair eile de chuid Sháirséal agus Dill ag teacht chugam ón gClub Leabhar agus cheannaigh mé a thuilleadh mé féin: An Maith Leat Spaigití agus na leabhair ghleoite eile le hÚna Ní Mhaoileoin, na trí leabhar le Mícheál Mac Liammóir, leabhair Mháire Mhac an tSaoi, Dhonnchadh Uí Chéileachair, Earnáin de Blaghd agus Chríostóra Uí Fhloinn, leabhair eile le Diarmaid Ó Súilleabháin, le Máirtín Ó Cadhain, le hAnraí Ó Liatháin is le Seán Ó Ríordáin, leabhair bhreátha staire Sheáin Uí Lúing agus Leoin Uí Bhroin...agus nuair a tháinig ár bpáistí chugainn i ndeireadh na seachtóidí, cheannaigh mé Goll agus Gilín, Alastar: an t-Éan Álainn agus Mog: An Cat Díchéillí dóibh.

Bhain mé ard-sásamh as mórán gach ceann de na leabhair sin a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill, ach, mar atá ráite agam, is beag tuiscint a bhí agam ar an dua ollmhór a bhain lena gcur ar fáil.

Tuairisc an-mheáite ar mhórshathar sin Sheáin Uí Éigeartaigh agus Bhrighid Ní Mhaoileoin atá sa leabhar seo ó mhac agus iníon na beirte acu. Thuigfeá do Chian is d’Aoileann dá dtabharfaidís le tuiscint gur éan cuaiche sa teaghlach ab ea comhlacht Sháirséal agus Dill, dá mbeadh gearán á dhéanamh acu faoi gur cheil sé mórán de ghnáthshoilíos na hóige orthu. Ach níl rian de sin sa leabhar seo, ach a mhalairt ar fad – ag maíomh go bródúil atá siad as gaisce a dtuismitheoirí.

Sraith fhada de chaibidlí gearra atá sa leabhar seo. Geantáilte isteach go néáta i stair an chomhlachta tá cuntais ar mhuintir Sheáin agus Bhríghde araon – is breá liom go háirithe an pictiúr d’athair Bhríghde, Séamas Ó Maoileoin, ar lch. 206. An tIarmhíoch ina steillbheatha is ea é, feictear dom. Agus fite isteach ann freisin tá plé ar ghnéithe teicniúla de ghnó an fhoilsihte: dearadh agus maisiú na leabhar, leagan amach an chló, agus na forbairtí a rinneadh i gcúrsaí clódóireachta le linn na tréimhse. Thuig Seán ó thosach a thábhachtaí a bhí an dearadh agus an maisiú le léitheoirí a mhealladh agus tá toradh na tuisceana sin le feiceáil ar gach uile leabhar a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill.

Ós ag tagairt do dhearadh agus maisiú agus cló é, ní mór dom breátheacht agus críochnúlacht an leabhair seo a thréaslú leis an bhfoilsitheoir, Cló Iar-Chonnacht: is mór an áilleacht é ar gach uile shlí go deimhin.

Déánaim comhghairdeas ó chroí le Cian is le hAoileann as a fheabhas atá an leabhar seo atá scríofa acu, agus go háirithe as a chumasaí a chuir siad chun fónaimh na cáipéisí comhlachta a bhí ina seilbh acu.

Agus anois ordaím don fhoilsitheoir an leabhar seo a sheoladh amach ‘ar mhuir an léinn láin’ agus ar mo shon féin deirim, mar a dúirt an file fadó: ‘Beannacht sonn leibh, a leabhráin.’

BOOKS IRELAND March/April 2015 First Flush

Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora

Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt.

Caitheann an leabhar seo géarsholas ar scríbhneoirí agus ar litríocht na Gaeilge, ar chúrsaí tráchtála agus tionsclaíochta, ar ghnéithe den státseirbhís, ar pholaitíocht na Gaeilge ar pholaitíocht na hÉireann.

BOOKS IRELAND Iúil 2015 Léirmheas le Cathal PóirtéirSáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora

‘A credit to the family and a joy to read’

It is hard to imagine contemporary literature in Irish without the achievements of the publishing house Sáirséal agus Dill. Any reader of Irish is more likely than not to number several of their volumes among his or her favourite books. The list of writers whose work was brought to the public by this small independent publishers includes the best-known writers of Irish in the second half of the twentieth century: Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Liam Ó Flaithearta, Pádraig Ua Maoileoin, Leon Ó Broin and a host of others.

Now the present guardians of the Sáirséal agus Dill achievement, Cló Iar-Chonnacht, have produced a tribute to that family publishing house. It is written by Cian Ó hEigeartaigh and Aoileann Nic Gearailt, son and daughter of Seán Ó hÉigeartaigh and his wife, Bríghid, the founders and driving forces behind the company’s remarkable achievements over 35 years. Their parents would undoubtedly have been delighted with the detailed research, the readable prose, the high production values and the publication of an important volume in Irish for anyone interested in the history of writing, printing and publishing in Ireland.

The highlights are the previously unpublished letters between Sáirséal agus Dill and the writers they saw into print. Seán and Bríghid displayed the patience of saints in their dealings with notoriously difficult personalities such as the prose master and polemicist Máirtín Ó Cadhain, the spiritually anguished poet Seán Ó Ríordáin and the unfortunately unreliable Brendan Behan, who failed to produce his promised novel in Irish (which later appeared with another publisher as the Borstal Boy) despite financial and personal support given by Seán. A hallmark of Sáirséal agus Dill was a belief in the abilities of their writers, a determination to publish and find a market for them, and a staunch defence of their rights where threatened or abused by censorship, the media or bureaucracy. Close friendships often developed between publishers and writers despite occasional and perhaps inevitable frictions, notably with Ó Cadhain. The republished letters add greatly to our understanding of the writers’ works.

There is not space here to do credit to the letters but it is hard to imagine that any serious reader of Ó Cadhain or Ó Ríordáin, for example, will be anything but captivated by the insights they offer into the mind of the writers and the minefield that the publisher often had to negotiate when dealing with sensitive egos and sharp tongues.

All of this important work was going on while Seán Ó hÉigeartaigh worked full-time as a civil servant during the day. He dedicated his personal time to Sáirséal agus Dill and his family. The books leaves us in little doubt that he paid a high cost in terms of his health and early death. Because of their efforts to raise the standard of publishing in Irish, Sean and Bríghid were regularly in debt, staving off creditors and banks by even greater efforts to find more readers, fill gaps in the educational market, run their own printing press and make the case for grants in aid to achieve their aims. Seáns frustrations in dealing with unimaginative and unwilling civil servants, particularly in the Department of Education often have tempted him to throw in the towel.

He was sustained by the belief that Irish should be central part of an independent Ireland and tha literature in Irish be cultivated as part of that. In theory the state shared their cultural vision but in practise it often frustrated their efforts. Sometimes the civil service comes across as penny-pinching, sometimes as overly conservative and sometimes as lacking any understanding of how a publishing house operated. There are notable exceptions, including civil servant T.K. Whittaker and politician Charles Haughey, who understood the importance of the project and what might be achieved by small and timely injections of state support.

The book traces the recent history printing in Ireland. Traditional technology and print practises that had been at the heart of printing for centuries were still in use when Sáirséal agus Dill began. Handwritten manuscripts were typed and corrected before being sent to compositors. Setting up the moveable metal type was skilled work and problematic for Irish-language publishers as the amount of type available in the old Gaelic script was limited. A practical difficulty was that, after setting an entire book, the type might be needed for another project and be taken down again before Sáirséal agus Dill had the money to pay for the printing, so the book had to be entirely reset later. To overcome printing difficulties and high costs, Sáirséal agus Dill started a printing operation in an outhouse in the back garden of the family home.

While some of the material in this story may be already known, the chapter giving the family backgrounds of both Seán and Bríghid will be new beyond the family circle. We are introduced to generations of independent, educated and brave men and women who set the tone for a family willing to make sacrifices for their patriotic beliefs, The warmth and insights of this history by Cian Ó hÉigeartaigh and Aoileann Nic Gearailt are yet another credit to that family and a joy to read.

Brendan Behan ar Inis Oírr – an t-údar, an foilsitheoir, an sagart agus an leabhar nár scríobhadh Léargas eile ar shaol agus ar shaothar Behan i leabhar nua faoi stair Sáirséal agus DillSeán Tadhg Ó Gairbhí, Tuairisc.ie Dé Céadaoin, Eanáir 21 2015

Tugann leabhar nua faoi stair na bhfoilsitheoirí Sáirséal agus Dill léargas eile dúinn ar shaoil agus ar shaothair cuid de mhórscríbhneoirí Éireannacha na linne seo, ina measc Breandan Behan.

I measc na scéalta is suimiúla, is greannmhaire agus is truamhéalaí i Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéál Foilsitheora, tá an cuntas ann ar an dtréimhse a thug an Beachánach ar Inis Oírr, mar a raibh sé in ainm is a bheith ag foghlaim Gaeilge agus ag scríobh an leabhair a foilsíodh ina dhiaidh sin mar The Borstal Boy.

I mí Aibreáin 1953 fuair Sáirséal agus Dill litir ó Behan ag lorg íocaíocht sheachtainiúil chun seal a chaitheamh sa Ghaeltacht ag scríobh ‘faisnéis phearsúntúil’ faoin dtréimhse a chaith sé i mBorstal Hollesley Bay i Sasana.
In ainneoin go raibh cáil an druncéara ar Behan faoin dtráth seo, mheas Seán Ó hÉigeartaigh, a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta ceannródaíoch lena bhean Bríghid, dul sa tseans agus £4 sa tseachtain a thabhairt do Behan chun dul go hInis Oírr.

D’aithin Ó hÉigeartaigh go raibh féith na litríochta “go fíor” i mBehan, ach ní fada go raibh sé in amhras faoi an raibh beart de réir a bhriathair á dhéanamh ag an mBeachánach ar Inis Oírr.

Scríobh Máirtín Ó Cadhain litir chuig Ó hÉigeartaigh ar an 27 Meitheamh ag tabhairt foláirimh dó nach chun leas a ghnó a bheadh sé dá rachadh an scéal amach go raibh airgead á thabhairt aige do Behan dul go hÁrainn “lena pietas ar fad a mhaslú”.

“Tá seaneolas agam ar Behan agus ní fhoghlaimeoidh sé níos mó Gaeilge ná mar atá aige,” a scríobh an Cadhnach.

Seachtain ina dhiaidh sin, scríobh an foilsitheoir chuig Behan féin ag rá gur bheag seans go bhfaigheadh sé breis maoinithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun fanacht sa Ghaeltacht dá dtuigfí gur ag “síorthaisteal” agus “ag milleadh pietas Árann” a bhí sé.

“Samointigh gur Árann na Naomh atá agat!” a dúirt an foilsitheoir.
Mar fhreagra air sin, dúirt Behan gur thaithin an t-oileán agus muintir an oileáin leis agus go raibh ag éirí go maith leis. “Cuir chugam airgead,” a scríobh sé ar an 8 Iúil 1953.

Faoin am seo, bhí scéalta cloiste ag Ó hÉigeartaigh go raibh níos mó ama tugtha ag Behan ag ól ar Inis Mór agus ar an mórthír ná mar a bhí caite aige i mbun foghlama agus scríbhneoireachta ar Inis Oírr féin.

Seán Ó hÉigeartaigh, foilsitheoir foighneach

Bheartaigh an foilsitheoir scríobh chuig an Athair Tadhg Ó Móráin ar Inis Oírr féachaint arbh fhíor do na ráflaí a bhí cloiste aige go raibh an scríbhneoir i dtrioblóid leis na Gardaí toisc é a bheith ar meisce agus “ag tógáil clampair i gcoitinne”.

Níor mhaith leis, a dúirt an foilsitheoir, go mbeadh Behan “ag tabhairt scannail do nó ag cur isteach ar bhealach ar bith eile ar mhuintir na Gaeltachta, nach bhfuil, is cinnte, i dtaithí fir fhiáine mar é”.

Ar an 3 Meán Fómhair scríobh an tAthair Ó Móráin chuig Ó hÉigeartaigh ag cur in iúl dó gur “beag am” a bhí caite ag Behan ar na hoileáin.
Ní raibh aon locht ar an sagart “ar an gcaoi ar iompair” an scríbhneoir é féin fad is a bhí sé ar Inis Oírr, ach bhí sé ar meisce an “chuid is mó den am” a chaith sé in Árainn Mhóir.

Ba ina dhiadh sin a fuair an foilsitheoir litir eile ó Behan ag rá leis go raibh “argóint” aige le Garda Síochána i Ros a’ Mhíl ach nár “nua scéal é sin” aige.
“Cloisfidh tú scéalta mar gheall orm-sa go dtí go mbeidh mé marbh agus i bhfad ina dhiaidh sin (tá súil agam),” a scríobh Behan.

Ach bhí ag Ó hÉigeartaigh bailithe de gheallúintí Behan faoin dtráth seo agus scríobh sé chuig an Athair Ó Móráin ar an 9 Meán Fómhair go ndealródh sé “nárbh fhiú a chur ar a chumas [Behan] fanacht níos faide sa Ghaeltacht”.
Bhí deireadh na foighne caite ag fear Sáirséal agus Dill agus ar an 11 Meán Fómhair chuir sé litir chuig Behan ag rá nárbh aon mhaith “coicíos ragairne, agus ansin imeacht leat ar feadh trí seachtaine, agus ansin filleadh ar feadh seachtain nó dhó eile…”

Ba léir go raibh an foilsitheoir cráite ag iompar an scríbhneora.
“An bhfuil, i ndáiríre, feabhas ar bith ar do chuid Gaeilge de bharr do shamhraidh? An bhfuil nótaí ar bith tógtha agat, staidéar ar bith déanta, nó fiú cuid ar bith den leabhar scríofa agat?… Ní hé go bhfuil aon locht agamsa ar an ragairne – beatha duine a thoil, agus má sholáthraíonn tú litríochta domsa, is cuma liom conas a chaitheann tú do shaol. Ach airgead na Comhdhála is ar mhaithe le Gaeilge atá sé le caitheamh agus is deacair liom anois dul i mbannaí ort…”

Mar fhreagra ar an méid sin, rinne Behan a fhaoistin i litir mhacánta uaidh ar an 17 Meán Fómhair:

“Mar gheall ormsa bheith ag ól. Olaim an iomarca uaireanta. Tá an ceart agat. Is mó an namhad an t-ól d’aon gheallúint litríochta ná rud ar bith… Admhaím go raibheas ag ól. Admhaím freisin ná rinne mé nótaí ar bith… Ach ceapaim ina dhiaidh sin is uilig go bhfuilim ag foghlaim focal beag Ghaeilge, go bhfuilim ag gabháil isteach ar bhealach an deise seo, a bheas mar uirlis litríochta agam, uair éicint, le cabhair duine ar bith, Comhdháil ar bith, nó gan í.”

Faoi dheireadh na bliana 1953, bhí £107 tugtha ag Sáirseál agus Dill do Behan agus bhí sagart paróiste Inis Oírr ag tuairisciú “go raibh sé ag dul ar aghaidh go maith agus ag fanacht ciúin socair”.

Faoi earrach na bliana 1954, ní raibh aon radharc fós ar an leabhar a gheall Behan cé go raibh aistí á bhfoilsiú i mBéarla aige ar an nuachtán People faoin ábhar céanna.

Scríobh an foilsitheoir chuige ar an 24 Márta 1954 ag cur i gcuimhne dó an socrú a bhí déanta leis agus an t-airgead a bhí tugtha dó: “…ach ar son Dé scríobh leabhar na Gaeilge agus ná loitear é ar son aon cheirt Shasanach”.
Is i mBéarla mar The Borstal Boy a foilsíodh saothar Behan sa deireadh i 1958.

In ainneoin gur loic sé orthu, lean an cairdeas idir Behan agus muintir Uí Éigeartaigh agus blianta ina dhiaidh, d’admhaigh sé le Bríghid go raibh scríbhinn uaidh ag dul do Sháirséal agus Dill mar chúiteamh ar an dtréimhse a chaith sé sa Ghaeltacht.

“Faraor,” mar a deir údair Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal Foilsitheora, “chuaigh na fiacha sin san uaigh leis”.

* Foilsíodh an t-alt seo ar Tuairisc.ie. Seo nasc chuig an bunleagan: http://tuairisc.ie/breandan-behan-ar-inis-oirr-an-t-udar-an-foilsitheoir-an-sagart-agus-an-leabhar-nar-scriobhadh/

Saol corrach foilsitheora Tá mórán ceachtanna le foghlaim as scéal Sháirséal agus Dill Wed, Jan 21, 2015 Pól Ó Muirí

http://www.irishtimes.com/culture/treibh/saol-corrach-foilsitheora-1.2072583

Iontas. Bród. Fearg. Sin na mothúcháin a bhí orm i ndiaidh dom Sáirséal agus Dill 1947-1981: scéal foilsitheora (Cló Iar-Chonnacht) le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt a léamh.

Iontas mar gur éirigh le bunaitheoirí an chomhlachta foilsitheoireachta seo, Seán Ó hÉigeartaigh agus a chéile mná, Bríghid, an oiread sin a bhaint amach ar a gconlán féin agus as a stuaim féin. Bí ag caint ar cheannródaithe, ar ghníomhaithe teanga.

Seo beirt a rinne íobairt i ndiaidh íobairte le go mbeadh ábhar léitheoireachta ag lucht na Gaeilge. Státseirbhíseach a bhí ann mar Sheán agus d’éirigh Bríghid as a post mar mhúinteoir le haire a thabhairt dá gcúram clainne agus cló.

Ba iad a bhí fial lena gcuid ama agus lena gcuid airgid.

D’oibrigh Seán leis i ndiaidh dó lá oibre a dhéanamh sa státseirbhís agus choinnigh Bríghid an dé san fhiontar i ndiaidh go bhfuair sé bás antráthach sa bhliain 1967 agus gan ach 50 bliain aige.

170 leabhar an toradh a bhí ar an obair nó 171 má chuireann muid an ceann seo san áireamh nó páistí na beirte, Cian agus Aoileann, atá freagrach as an “gharpháiste” seo de leabhar a thabhairt ar an saol.

Cuireann Seán agus Bríghid bród ort; tugann siad ort níos mó a dhéanamh. Cuireann siad bród ort mar go ndearna siad iarracht cultúr na tíre seo a shaibhriú trí leabhair a chur ar fáil – téacsleabhair scoile; filíocht; stair; fealsúnacht; gearrscéalta.

Níor spéis leo cultúr an tomhaltóra; cultúr gníomhach a chothaigh siad. Chuaigh siad ar lorg scríbhneoirí agus labhair siad leo.
Ghríosaigh údair agus ealaíontóirí chun oibre; chuir siad a saothar i gcló agus rinne siad stocaireacht thar a gceann i measc lucht díolta leabhar agus lucht bronnta deontas.

Liosta le lua na scríbhneoirí a chothaigh siad – Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Liam Ó Flaitheartha, Máire Mhac an tSaoi – gan ach dornán a lua. Chaith muintir Uí Éigeartaigh a gcuid airgid féin ar an obair agus lorg siad cibé cén deontas a bhí le fáil – go drogallach go minic – ón státchóras.

Ní hiontas é – agus cúrsaí mar a bhí – go raibh iaróga le húdair, ceardchumainn, polaiteoirí agus státseirbhísigh ann.

Is é an t-iontas é go raibh muintir Uí Éigeartaigh chomh fial sin ina gcroí agus ina n-anam gur fhulaing siad aighneas agus gur lean siad leo in ainneoin na ndeacrachtaí.

Amharc, mar shampla, mar a caitheadh le Bríghid agus í ag teagasc sa Tuaisceart. Tugadh uirthi móid dílseachta a thabhairt agus í ag múineadh ar an Bhaile Meánach, Co Aontroma.

In éadan a tola a shínigh sí an mhóid chéanna ach i nGaeilge a rinne sí é. Lean comhfhreagras idir státseirbhísigh a cinneadh ach níor briseadh as a post í.

Sheas sí an fód. Go béasach agus le dínit, gan dochar a dhéanamh do dhuine ar bith. Bród. (Sa bhliain 1943 a tharla sé sin agus níl deireadh le conspóid faoi úsáid na Gaeilge sa Tuaisceart go fóill.)

Mar sin féin, corraíonn an fhearg ionat. Cinnte, cad chuige nach mbeadh fearg ann? An oiread sin oibre agus a laghad sin tacaíochta a bhí i gceist leis an fhiontar. Is rud luachmhar é a bheith beo ach imíonn an t-am. Tugann gach aon rud a sheal – an duine féin fosta. An uair an chloig a chaitheann tú ar phrofaí a léamh, sin uair nach gcaitheann tú le clann agus cairde.

Bhí íobairt i gceist anseo agus fiafraíonn tú díot féin cad chuige nach dtiocfadh leis an státchóras an íobairt sin a mhaolú – fiú i bhfianaise chomh neamhfhorbartha agus a bhí cúrsaí an t-am sin.

Is tráthúil go dtagann an leabhar seo chugainn agus an chéad chruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge díreach críochnaithe i mBaile Átha Cliath.
Déarfainn go n-aithneodh foilsitheoirí agus lucht pinn an lae inniu na fadhbanna céanna agus a bhí ag muintir Sháirséal agus Dill.

Is cinnte go n-aithneodh na scríbhneoirí na fadhbanna céanna – tá na ceisteanna céanna ann faoi airgead anois agus agus a bhí ann thiar san aois seo caite.

Nár chóir go mbeadh fearg ar lucht na Gaeilge go bhfuil na fadhbanna céanna ann agus a bhí ag muintir Sháirséal agus Dill? Cad é an dul chun cinn atá déanta i ndáiríre?

Cuireann Seán agus Aoileann ceist ag deireadh a scéil: “Arbh fhiú é?”

Is pobal an dóchais iad lucht na Gaeilge – don chuid is mó! – agus caithfidh an léitheoir seo a rá gurbh fhiú é.

Tá mórán leabhar de chuid na bhfoilsitheoirí seo ar an tseilf agam; leabhair a cheannaigh mé agus leabhair a thug pléisiúr dom thar na blianta.

Ní raibh aithne ar bith agam ar mhuintir Uí Éigeartaigh ach ba bhoichte i bhfad mo shaol cultúrtha murach iad.

Arbh fhiú é?
Tá foilsitheoirí againn go fóill. Tá siad ag obair leo. Cuireann siad leabhair mhaithe ar fáil.

An mbeidh na foilsitheoirí sin fós linn i gceann deich mbliana, 20 bliain, 30 bliain?
Seoltar cóip de Sáirséal agus Dill: scéal foilsitheora chuig feidhmeannaigh agus polaiteoirí le go ndéanfar cinnte de go mbíonn.