CIC Logo

Salann Garbh

By Joe Steve Ó Neachtain, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560554  

Gearrscéalta le Joe Steve Ó Neachtain

Sa gcnuasach seo le Joe Steve Ó Neachtain, téann an t-údar i ngleic le fadhbanna sóisialta mar fhoréigean teaghlaigh, creideamh agus úinéireacht talún. Is é seo an chéad bhailiúchán gearrscéalta le Joe Steve le tamall de bhlianta, agus mar a bhí le leabhair eile dá chuid tá blas an dúchais ar an saothar seo.

Téann Ó Neachtain i ngleic le gnéithe dorcha, pearsanta an tsaoil go cliste sa gcnuasach seo. Tarraingítear anuas ceisteanna agus spreagtar an léitheoir chun machnaimh. Is leabhar é seo atá taitneamhach, léirsteanach agus spreagúil.

Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa bhliain 1942. Thosaigh sé ag scríobh sa bhliain 1969 agus tá sé ag scríobh ó shin i leith. Tá idir dhrámaí, úrscéalta, ghearrscéalta, fhilíocht, sceitseanna, amhráin agus agallaimh bheirte scríofa aige.

Bronnadh Gradam Jacobs ar shraith drámaí dá chuid, Baile an Droichid, a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1985 go 1995, agus bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht ar an leabhar gearrscéalta Clochmhóin (1998) agus ar an úrscéal Lámh Láidir (2001). Bíonn sé le feiceáil ag aisteoireacht sa sobaldráma Ros na Rún ar TG4. Tá sé pósta le Máirín agus tá triúr clainne orthu.

 

 

 

Léigh sliocht as an leabhar ag an nasc thíos.

Praghas: €12.00