Leabhar bunaithe ar an tsraith teilifíse do leanaí Saol Faoi Shráid atá le feiceáil ar Cúla4 (TG4)
Is breá le Glibín a bheith ag seinm an ghiotáir...ach níl aon ghiotár aige! Socraíonn Ribín giotár a dhéanamh as bruscar dá deartháir Glibín ach is rún atá ann. Cabhraíonn a cairde Dris agus Rocco léi ach tá fearg ar Ghlibín mar nach bhfuil Ribín sásta spraoi leis!
Scéal spraíúil agus spleodrach faoi chairdeas ó Patricia Forde, Kevin O'Boyle agus Meangadh Fíbín, cruthaitheoirí Saol faoi Shráid.
Tá an leabhar seo ar fáil i leagan níos mó len úsáid sa seomra ranga. Féach an bosca 'other formats' ar an leathanach seo.
Foilsithe le tacaíocht ó COGG