CIC Logo

Scáil an Asailín

By Coiscéim, Seán Ua Cearnaigh

Is déagóir ceanndána é Seán agus ní chuirfidh sé suas lena sheanathair cruálach níos mó. Éalaíonn sé ón teach agus tosaíonn sé ag siúl na mbóithre. Is crua an turas é go dtí go gcastar cara nua air – seanscríbhneoir Gaeilge a bhuil asal beag dubh leis!

Is iontach na heachtraí atá acu agus iad ag taisteal na tíre, ag casadh le cairde agus ag éalú ó chontúirt. Ach an bhfuil na scéalta seo fíor ar chor ar bith nó ar chum Seán dó féin iad . . .?

Tá duaiseanna buaite ag Seán Ua Cearnaigh as a chuid leabhar do dhaoine óga. As Co. Thiobrad Árann é ó dhúchas ach tá cónaí air le fada i gCo. Loch Garmán. Chaith sé na blianta mar oifigeach foraoiseachta le Coillte agus baint aige le Conradh na Gaeilge le fada.

Praghas: €7.50