CIC Logo

Scéalaíocht na Ríthe

By Tomás Ó Floinn, Proinsias Mac Anna, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560615  

Trí cinn déag de scéalta ón tseanlitríocht, ré na Meán- agus na Sean-Ghaeilge, sméara mullaigh litríocht na n-uasal agus na ríthe, aistrithe go Gaeilge an lae inniu ag beirt de mhórscoláirí Gaeilge ár linne. Ní aithne fhairsing ar na scéalta seo; ní nach ionadh nuair nach raibh aon teacht ag an gnáthphobal orthu leis na céadta bliain. Gheofar anseo leithéidí scéal Ailealla agus Éadaoin, Eachtra Chonla Mhic Choinn Chéadcharthaigh, Fionghal Rónáin, Iomramh Bhrain Mhic Feabhail, Cathréim Cheallaigh agus scéalta nach iad. Le maisiúchán sár-álainn le Micheál Mac Liammóir.

 

Praghas: €15.00