CIC Logo

Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha

By Gearóid Denvir, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560653  

AR GHEARRLIOSTA GHRADAM UÍ SHUILLEABHÁIN 2011

Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair. Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd.

Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha. Is fada muid ag feitheamh ar an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.

Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar. Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.

Léigh sliocht as an leabhar - cliceáil ar an nasc thíos

 

Praghas: €25.00

Léirmheas

Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhinneadha Léirmheas le hAodán Ó Sé, Gaelscéal, 16 Meán Fómhair

Tá dhá shaothar in aon leabhar téagartha amháin anseo; le breis is 150 dan le Leraaí Phádraic Learaí Uí Fhinneadha (1932-1999) curtha i gcló le chéile den chéad uair. Rugadh é i Locháin Beag i nGaeltach Chois Fharraige, agus thug sé aghaidh ar Bhearna tar éis phósta dó. Bhí scéalaíocht agus reacaireacht Chonamara ón gcliabhán aige. D’aimsigh an t-eagarthóir, Gearóid Denvir, na dánta bhfoinsí clóite, craolta agus i gcáipéisí agus lámhscríbhinní an fhile féin. Bheadh pobal na Gaeilge go mór faoina chomaoin as an éacht sin amháin.

I dteannta na ndánta, áfach, tugann Gearóid Denvir nótaí beachta mioneolais ar gach ceann acu, eolas chuireann go mór lenár dtuiscint. Baineann roinnt mhaith dánta le hócáidí sóisialta agus polaitíochta ó 1960 i leith, mar shampla na scannail i bhFianna Fáil agus sna comhrialtais araon.

‘Moltar go h-éag ar gach ócáid
Ben Dúnne a bhí carthannach fial
Chuir sé a lámh go doimhin ina phóca
Nuair a bhí Séarlas an Taoiseach i mbaol.
(Maiteanas)

File ócáideach ab ea Learaí Phádraic Learaí, agus é préamhaithe i dtraidisiún filíochta béil Choanmara. Mar a deir Denvir: ‘Tá na dánta lonnaithe sa chré sa cheangar.” Toisc an líon dánta sa leabhar, cuireann an t-eagarthóir in ord iad de réir ábhair mar atá: an áit dhúhais, an timpeallacht agus an dúlra, an seansaol, an pholaitíocht, an duine agus an grá, an bás, an chráifeacht agus an aithrí, stair agus béaloideas, filí agus filíocht agus ar deireadh, saol na Gaeilge. Is féidir sraith dánta a leanúint ar théama amháin. Choimeádas an leabhar cois leapan chun cúpla dán gaolmhar a léamh in aghaidh na hoíche. Chuaigh nua dánta i bhfeidhm orm diaidh ar ndiaidh, iad simplí, rithimiúil, bríomhar, daonna. Is fearr iad a rá os ard le saibhreas na bhfocal a scaoileadh amach. Bailéidí labhartha den scoth iad gur fiú aithris ó bhéal go béal.

Seo mar a insítear fé bhás a mháthar. Tá dólas á chloí ag dóchas an chreidimh:

‘Tháinig Bríd lena brat,
Deireadh le síon agus tús le borradh,
Tháinig an bás chun tseomra
Is ar shlua na marbh chuaigh mo Mhama.

Déanfad trách anois ar an dara saothar sa leabhar, is é sin aiste chritice ina bhfuil breise is céad leathanach. Cuireann Denvir saothar Learaí Phádraic Learaí i gcomhthéács modhanna agus múnlaí traidisiúnta filíochta na Gaeilge i gcoitinne. Tugtar léargas ar cad is feilíocht bhéile inti, cé chomh tábhachtach atá an rá leis an athrá, agus conas áilleacht na mban a chur in iúl. Is iad na malaí, an grua, na súile agus an folt saintréithe áilleachta an mban sa bhfilíocht Ghaeilge.

Do mhalaí deas caol is do leaca geal mín
Agus do ghrua ar dhath na gcaor
Do shúile cruinn glas is do bhéilín deas
Agus duibheacht folt do chinn
(Caitríona)

Tréith eile sna dánta ná focail chuingrithe mar “caint is comhrá, searc is grá, lag cloíte, gan scáth gan náire”. Is fiú mianach na haiste seo, ina bhfuil 11 chaibidil ar fad, a ghlacadh mar threoir ar fhiortal filíochta na Nua-Ghaeilge don léitheoir agus don scoláire litríochta araon. Seasann na dánta ar a mbonnaibh féin mar liricí ár linne. Cuireann soathar saoil Learaí Phadraic Learaí Uí Fhinneadh línte Patrick Kavanagh faoi thábhacht na filíochta i gcuimhne dom;

‘For we must record love’s mystery without claptrap,
Snatch out of time the passionate transitory.’