CIC Logo

Seachrán Deoraí

By Coiscéim, Paddy Mhéime Ó Súilleabháin

Tagairt: 6660012180158  

Siúlach scéalach atá Paddy Mhéime Ó Súilleabháin. Go gairid tar éis dó an scoil a fhágáil i gConamara, bhí a fhios aige go mbeadh air a sheolta a chrochadh agus obair éicint a chuartú thar lear. Chuaigh sé ag náibhíocht i Sasana agus Albain, fearacht na mílte eile, ach thug fonn na heachtraíochta ní b'fhaide i gcéin é. Bhlais sé de Mheiriceá na 1960í agus é ag obair i Chicago, roimh aghaidh a thabhairt ar iargúil na hAstráile. I Loch Con Aortha a rugadh Paddy Mhéime Ó Súilleabháin i 1944.

Praghas: €10.00