CIC Logo

Siamsa an Gheimhridh

By Peadar Ó Ceannabháin, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784441975  

Ba é Domhnall Ó Fotharta, oide scoile sa gCaladh i bparóiste Bhaile an Dúin, údar an leabhair seo. Cnuasach ilchineálach atá ann, amhráin, scéalta, orthaí, paidreacha, seanráite, cluichí agus tomhaiseanna. Chruinnigh scoláirí na scoile cuid den ábhar óna muintir. Tugann an leabhar léargas ar an litríocht bhéil agus ar an gcaitheamh aimsire a bhíodh ar bun in iarthuaisceart Chonamara sa dara leath den 19ú céad. Thuig an Fothartach go raibh an teanga ar hoib imeacht sa gceantar agus go dtráfadh an chuartaíocht, an t-airneán agus an tsiamsaíocht cois teallaigh dá réir. Chronaigh sé an seansaol ach bhain sólás, mar a dúirt sé féin, as 'cuimhneamh ar na daoine a bhíodh cruinn agus ar an gcaint agus ar an gcomhairle a bhíodh ar bun acu'. Foilsíodh an leabhar i dtosach sa mbliain 1892. Cóiríodh an t-eagrán seo do léitheoirí an lae inniu.

Praghas: €10.00