CIC Logo

Slán le hUltaibh

By Sáirséal agus Dill

Tagairt: 0862895855  

Sa dara himleabhar seo dá chuimhní cinn insíonn an Blaghdach dúinn, inter alia, an deacracht a bhí aige le gramadach na Gaeilge: 'Níor rith sé liom go dtí i bhfad ina dhiaidh sin nach raibh ina lán de na rialacha a bhí ceaptha ag na gramadóirí don Ghaeilge ach iarracht sheafóideach chun bróga a cumadh don Laidin a shá le forneart ar chosa na Gaeilge.' 

Tá léiriú an-tráthúil ar an meon Ultach Protastúnach sa dara imleabhar seo de chuimhní Earnáin de Blaghd. I 1913 chuaigh Earnán ó dheas go Corca Dhuibhne ina sclábhaí feirme chun an Ghaeilge a fhoghlaim, agus i 1915 shuigh sé isteach i ngluaisteán den chéad uair ina shaol - ar a bhealach go príosún Bhóthar Chroimghlinne. Idir dhá linn thaistil sé Cúige Uladh agus Cúige Mumhan mar thimire do Óglaigh na hÉireann agus don Bhráithreacht Phoblachtánach agus tá cur síos an-spéisiúil aige ar an athrú a bhí ag teacht ar mheon na ndaoine sa tréimhse sin díreach roimh an Éirí Amach. Tugann Earnán a bharúil go lom macánta faoin uile rud- modhanna maireachtála na ndaoine, cumas na dtaoisigh áitiúla, fadhbanna polaitíóchta an ama, ach thar aon ní eile is í a phearsantacht Ultach féin a léirítear anseo-a éifeacht, a dhaigne, a dhíreatas, a fhéin-mhuinín- agus a ghoilliúnacht. 

Praghas: €12.00