CIC Logo

Speaking Irish / An Ghaeilge Bheo

By Siuán Ní Mhaonaigh, Antain Mac Lochlainn

Tagairt: ISBN 978 0 071475 62 4  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

 

Pacáiste foghlama den scoth atá in Speaking Irish / An Ghaeilge Bheo, a thugann deis iontach d'fhoghlaimeoirí a dtuiscint ar an Ghaeilge labhartha a fheabhsú agus eolas ceart a chur ar an teanga bheo.

 

DVD ann ar a bhfuil agallaimh le breis agus 20 cainteoir Gaeilge, gach duine acu ag caint go nádúrtha gan script ar bith. Cloisfidh tú cainteoirí breátha as Ciarraí, Dún na nGall, Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Tá os cionn 45 agallamh ar fad ann, a chlúdaíonn fiche téama ar leith. I measc na n-ábhar cainte tá an timpeallacht, an teaghlach, an pholaitíocht, siamsaíocht agus gnéithe de chultúr na hÉireann. Tá leabhar snasta ann ina bhfuil téacs na n-agallamh go léir, chomh maith le nótaí foclóra, foghraíochta agus cultúrtha.

Na hÚdair
Is speisialtóirí san oiliúint teanga iad Siuán Ni Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn. Is iad na réimsí speisialtóireachta atá ag Siuán ná tástáil teanga agus oiliúint múinteoirí. Oiliúint aistritheoirí agus eagarthóirí is mó a bhíonn ar siúl ag Antain.

Praghas: €30.00