CIC Logo

Súil Saoir

By Diarmuid Johnson, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420705  


Ní féidir ábaltacht ná ionracas ná misneach an fhile seo a shéanadh.

Moltóirí Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004

Is é Súil Saoir an chéad chnuasach filíochta ó pheann Dhiarmuid Johnson, scríbhneoir, iriseoir, ceoltóir agus fear léinn. Tugadh ard-mholadh don chnuasach seo i gcomórtas Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004.

Is leabhar faoi leith é Súil Saoir ar bhealaí go leor. Baineann an t-údar leas ann as smaointe na linne seo agus as éigse na seanaimsire araon, ionas gur ceangal idir an sean agus an nua atá sa saothar. Chomh maith leis sin, ceistnítear ann an dlúthbhaint atá idir teanga na Gaeilge agus gluaiseacht an náisiúnachais le fada anuas, agus cuireann an t-údar roimhe cíoradh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cinniúint an duine, agus leis an chaoi a dtéann idir thír, phobal, theanga agus dhúchas i bhfeidhm orainn go léir. Tá lorg na Gaeltachta go láidir ar an gcnuasach, agus lorg na hiasachta chomh maith.

Praghas: €10.00