CIC Logo

Tairngreacht

By Comhar

Tagairt: 9781999802967  

Tá an leabhar seo ar lascaine 20% ó CIC.ie i rith na féile Cúirt 2019

Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais.

Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht féin. Ach an í seo an fíornamhaid? Mura n-éiríonn leis an mhistéir a réiteach in am, fíorófar an tairngreacht uafásach a rinneadh míle go leith bliain ó shin; tairngreacht a d’athródh an saol go deo.

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais ar an úrscéal seo.

Praghas: €12.00