CIC Logo

Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana - Lúb ar Phár 8

By Conchúr Mag Eacháin, Cois Life

Tagairt: 9781907494413  

Ríomhtar sa saothar seo scéal na téarmaíochta Gaeilge le linn na hAthbheochana go dtí 1927 nuair a chuir an Roinn Oideachais de Rialtas Shaorstát Éireann coiste téarmaíochta ar bun. Féachtar ar staid na téarmaíochta Gaeilge lena linn sin agus déantar iniúchadh ar an phlé a rinneadh faoi mhaoirseacht shaothrú na téarmaíochta maidir le coistí nó acadaimh téarmaíochta agus eile. Scrúdaítear seifteanna ceapadóireachta na téarmaíochta idir chumadóireacht agus iasacht, agus ról na teanga beo agus theanga na seanlitríochta i nuachóiriú an fhocalstóir Gaeilge. Breathnaítear ról agus stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus ar an tionchar a d’imir sé sin ar thuairimí phobal na Gaeilge i dtaobh na teanga agus na téarmaíochta féin. Tá réimse leathan de na hailt agus de na foinsí bunaidh curtha san áireamh sa saothar – rud a chuireann go mór le tuiscint an lae inniu ar mhórscéal seo na hAthbheochana.

Praghas: €20.00