CIC Logo

Tom a’ tSeoighe Amhráin

By Síle Denvir, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784442088  

Leabhar + 2 CD

Tá Tom a' tSeoighe ar dhuine de na filí is bisiúla i gConamara agus cloistear amhráin dá chuid á gcasadh go coitianta ag amhránaíthe Chonamara. Leathchéad amhrán atá san eagrán seo, cuid acu atá go mór i mbéal an phobail cheana féin, leithéid 'Baile Aerach Leitir Móir' agus 'Amhrán Leeds' agus cuid eile nár cloiseadh fós. 

Tá trascríobh ceoil de na foinn agus dhá dhlúthdhiosca leis an leabhar freisin le fonnadóirí a spreagadh chun foghlama agus chun aithrise. 

Curtha in eagar ag Síle Denvir & Ciarán Ó Fátharta.

Praghas: €20.00