CIC Logo

Turas in Éadan na Gaoithe

By Máire Mhic Eoin, Comhar

Samhradh na bliana 1945 atá ann. Tá an cogadh in éadan Hitler thart agus tá na buaiteoirí tar éis a shocrú go gcaithfidh 3 mhilliún duine de bhunadh Gearmáineach, a bhí ina gcónaí sa tSeicslóvaic, an tír sin a fhágáil. Seo scéal beirt theifeach, buachaill óg dhá bhliain déag d'aois agus a aintín, atá tar éis teorainn na hOstaire a bhaint amach agus atá ag fanacht, maraon lena lán eile, ar thraein chun iad a thabhairt go Wien. Tugann an t-aistriúchán seo i nGaeilge shimplí ar an úrscéal Gearmáinise Reise Gegen den Wind léargas ar ghné de stair na hEorpa nach bhfuil morán ar eolas faoi anseo in Éirinn. Bhuaigh an leabhar seo duais Oireachtais in 2002.

 

Praghas: €6.50