CIC Logo

Uisce Faoi Thalamh

By Áine Uí Fhoghlú, Coiscéim

Tagairt: 66600120209  

Is saor-iriseoir í Ailí atá ag tabhairt turas chun na Breataine Big do shochraid a carad. Agus í ar an mbád ó Ros Láir cuirtear sceon ar na paisinéirí nuair a léimeann fear sa bhfarraige. Ach cé hé an fear seo? Agus cad is cúis leis an gníomh uafásach a dhein sé? Diaidh ar ndiaidh nochtann Ailí agus a seanchara Colm eachtraí iontais agus uafáis i scéal atá lán de chontúirtí, de theannas is d'uisce faoi thalamh.

Faoin údar Áine Uí Fhoghlú

Is as Gaeltacht Rinn Ó gCuanach íÁine Uí Fhoghlú agus is file, prós scríbhneoir agus múinteoir meánscoile í. Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici Aistear Aonair (Coiscéim 1999) agus An Liú sa chuan (Coiscéim, 2007) mar aon le húrscéal gairid don fhoghlaimeoir Gaeilge Crúba na Cinniúna (Coiscéim, 2009). Seo an dara úrscéilín uaithi.

Bhuaigh Uisce faoi Thalamh an chéad duais i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2010 'Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta.' Seo mar a dúirt na moltóirí faoin leabhar:

Saothar dea-scríofa atá an-fheiliúnach don fhoghlaimeoir fásta.Scríofa ar bhealach gonta simplí... Coinníodh aird an léitheora ó Thús go deireadh an scéil agus rinneadh forbairt iontach ar an scéal ón gcéad fhocal go dtí an focal deireanach...

Praghas: €7.50