CIC Logo

Walking Time agus Dánta Eile

By Liam Ó Muirthile, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420284  


Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 1999.

A collection from a master craftsman … all imbued with deep and illuminating humanity.
-
The Irish Times

Is annamh dánta a fháil i nGaeilge atá chomh críochnúil leis na dánta seo.
-
Foinse

Fuineann an file filíocht as mioneachtraí suntasacha na beatha inmheánaí ach iad suite, fréamhaithe i ndúiche sho-aitheanta.
-
Moltóirí Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta

Cnuasach nua filíochta ón bhfile ildánach seo. Is geall le dánta de mhúnla Early Irish Lyrics roinnt de na liricí seo. Tá sraith dánta ann ar théama na hadhmadóireachta, ar ómós iad don fhear ceirde agus ar meafar san am céanna iad do cheird na filíochta. Tá dhá theanga, Gaeilge agus Béarla, agus iad fáiscthe as dúchas na cainte beo, fite ina chéile aige sna dánta seanchais’ mar a thugann sé orthu.

 

Praghas: €11.40