
Cáca don Rí ›
Is Conallach í Ailbhe Nic Giolla Bhrighde atá ina cónaí i nGaillimh, áit ar fhreastail sí ar an Ollscoil, ag baint ardchéim amach sa Léinn Céilteach agus máistreacht sa Nua-Ghaeilge. Tá blianta fada caite aici ag scríobh don teilifís. Ar na mallaibh, áfach, tá Ailbhe ag díriú a haird níos mó ar scríobh leabhar do pháistí a bhuíochas Futa Fata. Go dtí seo, tá ceithre scéal dá cuid, a chomhscríobh sí le Patricia Forde, foilsithe ag An Gúm faoin scéim Séidéan Sí Agus tá dhá phictiúr leabhar do pháistí, mar atá Cócó an Colgán Cairdiúil agus Cáca don Rí foilsithe aici le Futa Fata. Tá na leabhair sin aistrithe go Gáidhlig, Sínise agus tá Cáca don Rí le fáil i gCóirise chomh maith.