CIC Logo

Áine Durkin (Mise Áine)

Áine Durkin (Mise Áine)

As Conamara ó dhúchas, tá duaiseanna liteartha ó Oireachtas na Samhna bainte ag Áine Durkin dá blag, Mise Áine (2010), agus dá cnuasach filíochta/amhrán ‘Mise Áine, An Bhean Istigh’ (2017).  Bhain amhráin léi duaiseanna ag an bhFéile Náisiúnta Pan Cheilteach (2013, 2018, 2019, 2020) agus ó Ros Na Rún/Raidió na Gaeltachta (2013). Bhain an t-amhrán a chum sí, ‘Ní Thuigim,’ an chéad áit ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach, 2019. Bhain sí Gradam Choilm de Bhailís (2019) agus beidh a hainm curtha le ‘Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge’ sa bhliain 2020. Ise @MiseÁine ar Twitter/Facebook, agus údar an blag ‘Mise Áine ag Rámhaille.’

Táirgí Mór-éilimh Áine Durkin (Mise Áine)