CIC Logo

Alex Hijmans

Rugadh Alex Hijmans san Ísiltír i 1975. D’aistrigh sé go hÉirinn nuair a bhí sé fiche bliain d’aois agus d’fhoghlaim sé an Ghaeilge. Chaith sé tréimhse dhá bhliain déag i nGaillimh ansin, ag obair sna meáin Ghaeilge éagsúla, sular thug sé aghaidh ar an mBrasaíl, áit a bhfuil sé ag scríobh leis ó shin.


D’fhoilsigh Cois Life sé shaothair leis: Favela (neamhfhicsean, 2009), Aiséirí (úrscéal, 2011), Gonta (gearrscéalta, 2012), Splancanna ó shaol eile (neamhfhicsean, 2013), An Tearmann (úrscéal, 2016), agus Idir dhá thír, (gearrscéalta, 2017.) Bronnadh duaiseanna Oireachtais ar Favela agus Gonta


Colúnaí rialta de chuid Tuairisc.ie é Alex. Bíonn sé gníomhach ar Twitter (@alexhijmans) agus seo é (www.alexhijmans.com) a shuíomh féin.

 

Táirgí Mór-éilimh Alex Hijmans