Rugadh Anna Heussaff in 1957 agus tógadh le Gaeilge í i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil cónaí uirthi. Foilsíodh a tráchtas MA faoin teideal Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag (An Clóchomhar, 1992). Chaith sí trí bliana i Sasana ag obair le daoine gan dídean, agus fiche bliain sna meáin chumarsáide in Éirinn, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir le raidió agus teilifís RTÉ go háirithe. Bíonn babhtaí oibre ar siúl aici mar aon leis an scríbhneoireacht: ina measc, dreasa teagaisc ar an tríú leibhéal agus le foghlaimeoirí fásta, chomh maith le ceardlanna scoile faoi scáth na scéime Scríbhneoirí sna Scoileanna, a reachtálann Éigse Éireann. Tá sí ina leaschathaoirleach ar an eagras feachtais chomhshaoil Cairde na Cruinne/Friends of the Earth Ireland. Bronnadh mórdhuais Chomórtais Liteartha an Oireachtais ar gach úrscéal díobh; agus sa bhliain 2013, thuill Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012) Gradam Speisialta na Moltóirí ag ócáid Leabhair Pháistí Éireann, duaiseanna CBI, nó Gradaim Bisto mar a thugtaí orthu tráth.
Sa bhliain 2014, foilsíodh an chéad úrscéal Béarla léi, Deadly Intent (Severn House, Londain), faoina hainm cleite Anna Sweeney. Is leagan é dá húrscéal bleachtaireachta Buille marfach. In 2015, d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht úrscéal nua bleachtaireachta Gaeilge léi, Scáil an phríosúin, é suite i gceantar stairiúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, agus na lárcharachtair chéanna ann is a bhí ina húrscéalta bleachtaireachta go dtí seo.
In 2010 agus 2011, d’fhoilsigh Futa Fata, i gcomhar le Dorling Kindersley, trí leabhar fhíriciúla do dhaoine óga a d’aistrigh sí ó Bhéarla: Seo í mo scoil (DK & Futa Fata, 2010), Leabhar mór na hEalaíne (DK & Futa Fata, 2010) agus Leabhar mór an cheoil (DK & Futa Fata, 2010). Sa bhliain 2015, ar an suíomh idirlín Leighleat.com a urraítear ag COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), foilsíodh Leabhar na mallachtaí, a haistriúchán ar The book of curses le Conor Kostick (O’Brien, 2007).
Nuashonraithe Meitheamh 2017
Deadly Intent (Severn House, 2015), faoin ainm cleite Anna Sweeney
Scáil an phríosúin (Cló Iar-Chonnacht, 2015)
Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012)
Buille marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010)
Cúpla focal (Cois Life, 2007)
Vortex (Cois Life, 2006)
Bás tobann (Cois Life, 2004).
Filí agus Cléir san ochtú hAois déag (An Clóchomhar, 1992)
Seo í mo scoil (DK & Futa Fata, 2010)
Leabhar mór na hEalaíne (DK & Futa Fata, 2010)
Leabhar mór an cheoil (DK & Futa Fata, 2011)
Leabhar na mallachtaí (Léighleat.com & COGG, 2015)
‘The Irish for Multicultural’ sa chnuasach Who Needs Irish?, Ciarán Mac Murchaidh, eag. (Veritas, 2004)