CIC Logo

Diane Ní Chanainn

Diane Ní Chanainn

Tógadh Diane Ní Chanainn i dteaghlach a raibh an ceol lárnach ann riamh. Bhí ceol ar an teallach agus ag a muintir ar fad ar a ndá thaobh. Chuir sí suim i ngach cineál ceoil idir cheol uirlíse agus amhránaíocht. D'fhoghlaim sí an fhideal ó Phroinsias Ó Maonaigh agus bíonn sí ag gabháil di i gcónaí. Is ceoltóir breá í a níon Kelly fosta agus tá suim aicise sa tseancheol Gaeilge chomh maith lena máthair. Thug Diane léi príomdhuais an Oireachtais i gcomórtas sinearach na mban don amhránaíocht ar an sean-nós sa bhliain 2015. 

Táirgí Mór-éilimh Diane Ní Chanainn