CIC Logo

Eilís Needham

Eilís Needham

Is as Coill an Éanaigh i gCo. Shligigh ó dhúchas do Eilís Needham.  Thosaigh sí ag seinm an chlársaigh nuair a bhí sí ocht mbliana d'aois agus ó shin i leith, is iomaí corn uile-Éireann atá buaite aici don cheol ar an gcláirseach. Is í seaimpín uile-Éireann sa rannóg faoi 15 bliain d'aois i bpoirt rince agus tionlacan faoi láthair. Is iar-bhuaiteoir í i gcomórtas uile-Éireann na bhfonn mall agus bhuaigh sí duais freisin ag féile cláirsigh O'Carolan i gCéididh, Co. ros Comáin agus in An Obair, Co. na Mí. Tá éagsúlacht mhór sna poirt atá le cloisteáil ar albam Eilís 'Fuinniúil'. 

Táirgí Mór-éilimh Eilís Needham