CIC Logo

Jackie Mac Donncha

Jackie Mac Donncha

Rugadh Jackie Mac Donncha i mí Lúnasa 1946 i gCill Chiaráin, Conamara, Co. na Gaillimhe, agus is ann atá sé ina chónaí. Bhí na céad dánta leis a foilsíodh san áireamh sa leabhar 'An Chéad Chló' a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht sa bhliain 1997. 

Scríobhann sé filíocht, scéalta agus amhráin agus bhí amhráin leis san áireamh san albam 'Réalta', a léirigh Raidió na Gaeltachta, sna blianta 1995 agus 1996. Is iad na leabhair leis atá foilsithe aige ná: 'Gaineamh Séidte' (Cló Iar-Chonnacht, 2003), 'Aileach' (Cló Iar-Chonnacht, 2010), 'Bróga Johnny Thomáis' (Cló Iar-Chonnnacht, 2013), 'An Mianadóir', (Cló Iar-Chonnacht, 2015). 

Táirgí Mór-éilimh Jackie Mac Donncha