Foilsíodh céad leabhar Mháire, Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) sa bhliain 2012. Ainmníodh é do Ghradam Leabhar na Bliana sa bhliain chéanna. Tá Lá leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016) mar scéal leanúnach don bheirt phríomh-charachtar, Cormac agus Brídín, agus iad ag plé le heachtra nua stairiúil. Bhuaigh Lá leis na Lochlannaigh an chéad duais d’fhicsean do dhaoine óga in Oireachtas na Samhna 2015. Ainmníodh é do Ghradam Réics Carló i 2016.
Bhí paisean don stair ag Máire ariamh, rud a ghlac go hOllscoil Oxford í mar mhac léinn. Spreag na teagascóirí, na sean-leabharlanna agus an meon foghlamtha ansin go mór í. I ndiaidh di céim mháistir a bhaint amach, chuaigh sí go Londain agus d’oibrigh sí i ngíomhaireacht fógraíochta ansin, ag déanamh fógraí teilifíse, clóite agus raidió. Sa bhliain 2001, bhog sí ar ais go Co. an Dúin chun oibriú mar Oifigeach Forbartha na Gaeilge i nDún Phádraig. Chuir sí fúthu in Ard Mhic Nasca, baile dúchais Mháire, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill.
Tá triúr clainne acu anois: Áine, Cillian agus Lorcán. Tá na páistí á dtógáil le Gaeilge. Is mar mháthair a fhanann sa bhaile a thosaigh Máire ag scríobh, ar dtús mar cholúnaí don iris an tUltach agus ina dhiaidh sin don New Humanist. Chomh maith leis an sraith ficsean stairiúil do pháistí aois 9-11, bíonn Máire ag scríobh pictiúrleabhair do pháistí óga fosta. D’fhoilsigh Futa Fata an chéad phictiúrleabhar léi, Ná gabh ar scoil! in 2015. Ainmníodh é do Leabhar na Bliana an CBI agus do Ghradam Réics Carló sa bhliain 2016.
Bíonn Máire le feiceáil le peann agus leabhar nótaí ar an pháirc súgartha, ag an linn snámha agus i seomra feithimh an dochtúra. Is minic dinnéar dóite ina teach mar gheall ar scéal nó alt. Taobh amuigh den scríobh, baineann sí sult as dreapadóireacht agus siúl in áiteacha fiáine – sna cnoic, cois trá agus i gcoillte.
Nuashonraithe Meitheamh 2017