
An Tower Traditional Irish Music on Accordion and Flute ›
I gCor na Rón in Indreabhán a rugadh agus a tógadh Neansaí agus is ar an teallach sa mbaile a thosaigh sí ag casadh a cuid ceoil. Fuair sí an chuid is mó dá cuid ceoil ó bheith ag éisteacht lena hathair, Michael Mheáirt Ó Coisdealbha, agus le ceoltóirí áitiúla eile, ina measc muintir Lewis agus Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta. Fuair sí neart ceoil freisin ó bheith ag éisteacht de shíor le taifeadtaí de cheoltóirí go leor agus le cláracha raidió. Tá neart ceoil casta aici le Tommy Mellett ó tháinig sí chun cónaithe i nDoire Bhanbh i gceantar Chamais. Tá aithne mhaith uirthi óna cuid oibre mar Eagraí Ceoil le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó bheith ag láithriú na gcláracha Béal Maidine maidin Dé Domhnaigh agus Ceol Binn ó na Beanna trí oíche na seachtaine. Thug sí a céad dlúthdhiosca aonair amach sa mbliain 2014 ceann dar teideal Draíocht na Feadóige.