CIC Logo

Réaltán Ní Leannáin

Réaltán Ní Leannáin

As Béal Feirste ó dhúchas í Réaltán Ní Leannáin agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Chaith sí tréimhsí ag obair mar mhúinteoir dara leibhéal agus ansin le TCD agus QUB ina Scoileanna Oideachais. Bhí sí ina Scríbhneoir Cónaitheach le DCU don bhliain 2019.

Bhuaigh ‘Clic’ – ón gcnuasach Dílis (Cló Iar-Chonnacht, 2015) – an chéad áit i gComórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine sa bhliain 2014, agus bhuaigh an gearrscéal ‘Dílis’ ón gcnuasach céanna duais i gComórtas Liam Mhic Uistín sa bhliain 2013. Fuair an t-úrscéal Cití na gCártaí (Cois Life, 2019) ainmniúchán do ghearrliosta An Post/Leabhar na Bliana 2019

Tá liosta dá cuid scríbhneoireachta ar fáil freisin ar a blag ar-líne: turasailse.blogspot.com

Bíonn Réaltán ag obair le Poetry Ireland ag cur ceardlanna scríbhneoireachta ar siúl agus le Scéim Meantóireachta Foras na Gaeilge. 

 

Táirgí Mór-éilimh Réaltán Ní Leannáin