CIC Logo

Tommy Mellett

Tommy Mellett

Ar an gClaí Nua i gCamas Uachtair a rugadh agus a tógadh Tommy Tom Sheáinín Ó Méalóid. Is ann a thosaigh sé ag casadh a chuid ceoil nuair a bhí sé thart ar seacht mbliana d'aois. Thug a uncail Seán Ó Méalóid mileoidean den déanamh Hohner as Meiriceá agus is uirthi sin a chas tommy a chéad nótaí ceoil. Fuair sé roinnt mhaith ceoil óna athair, Tom Sheáinín, agus ón a uncail Cóil Sheáiní, agus ó fhear a bhí ina chónaí trasna an chuain i Ros Muc, Mick Bheartla Bhreathnaigh as Snámh Bó, agus ina dhiaidh sin ó bheith ag éisteacht leis an gclár ceoil Ceolta Tíre ar Raidió Éireann. Chuaigh sé ar imirce go Meiriceá i 1965 agus chaith sé ceithre bliana déag i mBoston, ach níor chas sé mórán ceoil thall. D'aistrigh sé fhéin, a bhean chéile, Josie agus a gclann óg abhaile go Camas i 1979 agus is ann atá sé curtha faoi ó shin, agus is tar éis a theacht abhaile dhó is mó a chas s éa chuid ceoil. 

Táirgí Mór-éilimh Tommy Mellett