CIC Logo

Beirt Bhan Mhisniúla

By Pádraig Ó Siadhail, An Gúm

Reference: 9781905560745  

Pádraic Ó Conaire, a central figure in contemporary Irish-language literature, and two of the women in Ó Conaire's life (Caitlín Ní Aodha and Mary Morrison) are the central characters in this novel. Set in the years between 1913 and 1928, the action in Beirt Bhan Mhisniúla moves from North America to London and Dublin before returning once more to North America.

We are given a taste of what life was like before 1916 for the Irish (and Irish speakers) in London, where the Canadian woman, Caitlín Ní Aodha, first met Ó Conaire. It was in London that their relationship became intimate and she believed, for a time, that they would be married... She soon learned that Ó Conaire had lied to her and that she wasn't the only one he had lied to either.

In a novel that draws on two of the major themes from Ó Conaire's own writings, love and betrayal, it falls to the second of the women, Mary Morrison, to come to the aid of the man who has failed her friend Caitlín, and to put Ó Conaire to the test, both as a man and as a writer.

Beirt Bhan Mhisniúla was named Literary Novel of the Year by Oireachtas na Gaeilge in the Oireachtas na Gaeilge Literary Competitions, 2010.

Read a sample from the book

Price: €12.00

Product Reviews

Laochra na hathbheochana ina steillebheatha Nuair a thosaíonn an t-úrscéal Beirt Bhan Mhisniúla ag bailiú nirt is deacair éa leagadh uait, a scríobhann Alex HijmansComhar 2012

Excerpt from the review. This review was published in the magazine Comhar. Tosaíonn Beirt Bhan Mhisniúla, an ceathrú húrscéal ó pheann Phádraig Uí Shiadhail, agus duine de bheirt bhan an teidil, an Gael-Mheirceánach óg Mary Morrison, ag déanamh a bealaigh suas chun a hoifige, atá lonnaithe ar an 53ú urlár in Áras Woolworth, ceann de na chéad túir spéire a tógadh i gcathair Nua-Eabhrac. Agus sracfhéachaint á tabhairt ag Mary ar cheannlínte an nuachtáin atá ceannaithe aici thíos ar an tsráid, faigheann an léitheoir spléachadh ar shaol na linne: tá imní ar dhaoine faoi líon na dúnmharuithe sa chathair agus faoi dhoirteadh fola sa Ghearmáin, áit a bhfuil an Marascal Von Hindenburg díreach tofa ina uachtarán.

Ar an mbealach nádúrtha seo (is mó an spéis atá ag Mary sa toitín agus sa chupán caife a bheidh aici a luaithe is a bheidh a hoifig baint amach aici ná mar atá aici i gceannlínte an nuachtáin) éiríonn le Pádraig Ó Siadhail a thabhairt siar go 1925.

Úrscéal stairiúil é Beirt Bhan Mhisniúla atá suite i dtréimhse chorraitheach a thosaíonn díreach roimh an gCéad Chogadh Domhanda agus a chríochnaíonn go gairid roimh thobchliseadh Wall Street, tréimhse a bhfuil Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na gCarad ina lár. Feicimid gnéithe de na heachtraí sin ar fad agus muid ag luasacadh sall is anall idir Meiriceá Thuaidh, Londain Shasana agus Éirinn.

Úrscéal uaillmhianach atá sa saothar seo, leis. Carachtar ficseanúil í Mary Morrison, ach tá Beirt Bhan Mhisniúla lán pearsan arbh ann dóibh san fhíorshaol tráth, an príomhcharachtar (agus ‘bean mhisniúil’ eile an teidil) Caitlíon Ní Aodha ina measc. Go deimhin, féachann Beirt Bhan Mhisniúla leis an gcaidreamh speisialta a bhí (má bhí) idir Caitlín Ní hAodha, gníomhaí polaitiúil a rugadh i gCeanada ach a chaith a saol ag obair ar son shaoirse na hÉireann, agus duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge, Pádraig Ó Conaire, a iniúchadh.

‘Iniúchadh’ an focal ceart. Aturnae í Mary Morrisson a aitríonn mar dhualgas pearsanta é an caidreamh a bhí idir a cara Caitlín Ní Aodha agus an Conaireach a scrúdú, le gur féidir léi ‘breith’ a thabhairt air agus gníomhú dá réir. Tráthúil go leor, tá Mary ag streachailt le cuid de na ceisteanna céanna – ceisteanna creidimh, ceisteanna polaitiúla, ceisteanna grá, ceisteanna a bhaineann le cearta na mban – agus na cinn a tháinig idir Caitlín Ní hAodha agus codladh na hoíche.

Tá an chaoi a bhfeidhmíonn saol Mary mar scáthan ar shaol Chaitlín agus an bealach eile timpeall ar cheann de na gnéithe is cumhachtaí agus is éifeachtaí san úrscéal seo. Mar shampla, cé nach bhfuil idir an bheirt bhan ó thaobh aoise de ach glúin go leith ar a mhéad, tá blianta fada eatarthu ó thaobh cúrsaí collaíochta. Téann Caitlín i muinín ‘bealaí eile’ a bhionn ag bean chun fear – Pádraig Ó Conaire, sa chás eo – a shásamh (bealaí a thuigeann an léitheoir, nach gcuireann maighdeanas na mná i mbaol), ach tá Mary breá sásta triail a bhaint as coiscíní an ghiolla ardaitheora.