CIC Logo

Cois Fharraige Le Mo Linnse

By Seán Ó Conghaile, Coiscéim

Reference: 6660012140480  

Is iomaí athrú atá tagtha ar Ghaeltacht Chois Fharraige ó thús an chéid seo caite. Chonaic Seán Ó Conghaile an chuid is mó de na hathruithe seo agus ghlac sé páirt i gcuid de na hiarrachtaí a rinneadh chun iad a thabhairt chun cinn — nó a stopadh. Níos tábhachtaí fós, b'fhéidir, rinne sé cur síos orthu, ar raidió, in irisí Gaeilge agus go háirithe in aistí le haghaidh na gcomórtas Gaeltachta ag an Oireachtas.

Sé atá sa leabhar seo ná bailiúchán de na haistí sin a scríobh an t-údar ón aimsir a athbhunaíodh an tOireachas go dtí an uair a cinneadh ar an Oireachtas céanna a chur ar siúl i gCois Fharraige féin. Trátaí, dole, seanchas, piseoga, poitín, na seancheirdeanna, na faisiúin, na logainmneacha, na daoine móra a fáisceadh as Cois Fharraige le linn ré an údair — tá siad ar fad, agus tuilleadh, sa leabhar seo. Sé buntáiste mór an leabhair ná go bhfeicfimid pobal Chois Fharraige ag déanamh a mbealach féin tríd an gcéad dhá ghlúin den chéad seo caite in aistí a scríobhadh de réir mar a bhí na heachtraí éagsúla a bhfuil tráchta orthu ag titim amach.
 


 

Price: €10.00