” BOOKS IRELAND, November 2012
Review
Údar eile a bhfuil go leor foilsithe aige agus a phobal léitheoireachta féin aige is ea Pádraic Breathnach. Agus a shaol caite aige ina léachtóir, ní hionadh gur úrscéal campais atá aige an turas seo. Tá Aodh, an príomhcharachtair, ina shinsear i seomra na foirne, i mbun mic léinn is ag stiúrú i seomra na foirne, i mbun mic léinn is ag stiúrú cleachtadh múinteoireachta, agus cuimhní is bóithríní smaointe ag brú isteach ar a aigne dá réir. Cé go ndeirtear nach aoir é, saol leamh a léirítear san acadamh, agus é faoi scáil na leasuithe atá á gcur i bhfeidhm ar ár n-institiúidí tríú léibhéal.