Ar fheirm mhuintir La Tour i Nova Scotia tá Gealach, ceann de na capaill ráis is fearr i gCeanada. Agus í á tabhairt i mbád trasna an chuain titeann Gealach san fharraige. Sa cheo trom imíonn an capall as radharc. Cuirtear saol na feirme bunoscionn. Ní chreidfidh an cúpla, Jack agus Liz, go bhfuil Gealach báite, agus téann siad ar a tóir. Ach tá an t-am ag sleamhnú: tá fiacha móra ar an bhfeirm agus, gan Gealach, caillfidh siad an teach agus gach rud atá acu.?Ní hamháin sin, ach tá searrach á iompar ag Gealach agus má tá sí fós beo, caithfidh siad teacht uirthi go tapa!
Ropleabhar a rachadh faoi chroí an léitheora, idir óg is aosta. Lasann chuile radharc ar an leathanach - Aifric Mac Aodha
Seo ceann de na leabhair is fearr dá bhfuil léite agam sa Ghaeilge. Meallfaidh sé idir óg agus aosta. -Ríona Nic Congáil
Insint eipiciúil lán teannais. An-scéal ar fad. - Ciarán Ó Pronntaigh
Máistir i mbun pinn. - Éilis Ní Anluain
Tá Duais Oireachtais buaite ag an úrsceal seo.