CIC Logo

Iománaí ón Iasacht

By Cló Iar-Chonnacht, Seán Ua Cearnaigh

Reference: 9781784441418  

Karol Laska is a young boy from Poland who has been living in Ireland since he was a young boy. From the first time that he saw other boys playing hurling he has loved the game and it has been his fervent wish to be a great hurling player. He is determined and he succeeds in his goal to be a great hurler.

By the time he is a teenager, he is a skilful player and the captain of the school hurling team. Life is great for Karol until he is hit with the news that his father has lost his job and the whole family have to go back to Poland, a place that he hasn’t seen in ten years and, to his dismay, nobody plays hurling.

This story won the GAA Prize in the Oireachtas na Gaeilge Literary competitions. 

Price: €8.00

Product Reviews

'Scéal comhaimseartha do dhéagóirí', review by Pádraig de Bléine, An tUltach, Iml. 94 Uimh. 10, November, 2017.

Is úrscéal nua-aimseartha é 'Iománaí ón Iasacht' le Seán Ua Cearnaigh a chaitheann solas ar shochaí chomhaimseartha na hÉireann. Is iomaí seomra ranga sa tír, thuaidh agus theas, a bhfuil páistí ón iasacht iontu.

Cuireann an t-úrscéal síos ar Karol Laska, gasúr óg de bhunadh na Polainne a thagann a chónaí go hÉireann. Cé go raibh cumha i ndiaidh an bhaile air agus an tús, socraíonn sé isteach ar a shaol nua in Éirinn agus, go dearfa, baineann sé sult as.

Cuireann an príomhoide fearadh na fáilte roimhe go hÉirinn agus chuig an scoil úr. Ar an drochuair, áfach, déanann carachtar eile, Tomás Ó Duibhir, tromaíocht ar Karol de bhrí gur gasúr cliste é.

Arís eile, is iomaí déagóir a ndéantar tromaíocht air sa tír agus tugann an t-úrscéal seo deis don léitheoir ceist na tromaíochta a phlé. Tarlaíonn cor sa scéal agus éiríonn Tomás agus Karol mór le chéile.

Teagascann Tomás, atá ina imreoir iomána den chéad scoth, scileanna iomána do Karla agus éiríonn thar barr leis an fhoireann iomána. Ar ndóigh, fóireann an teideal go maith don úrscéal agus léiríonn sé forbairt phearsanta agus comhtuiscint go han-mhaith.

I ndiaidh do Karol na blianta a chaitheamh in Éirinn tá sé 'chomh Gaelach le haon déagóir sa cheantar'. Go híorónta, nuair a chaithfidh Karol dul ar ais chun na Polainne mar gheall ar chúrsaí oibre a athar, cronaíonn sé múintir na hÉireann agus cluiche na hiomána.

Cronaíonn sé Niamh fosta agus is í Niamh a mheallann Karol ar ais go hÉirinn. Tá sé giota beag áibhéalach go leanann athair Karol ar aghaidh ag ceannach ticéad do Chrannchur Náisiúnta na hÉireann agus é sa bhaile a Pholainn, ach is é sin go díreach an rud a dhéanann sé agus baineann sé. Filleann siad ar Éirinn don 'Lá Mór' nuair a imrítear cluiche na craoibhe agus Karol ar an fhoireann.

Cé go bhfuil gluais ar chúl an leabhair, tá cuid de na frásaí dúshlánach go leor do dhéagóirí. Tá an scéal féin an-mhaith, áfach, agus tugann sé ábhar machnaimh don léitheoir ar chúrsaí comhaimseartha na tíre seo.