CIC Logo

Seal san Aetóip

By Frank Reidy, Cló Iar-Chonnacht

Reference: 9781909367708  

Thug Dia na Deich nAitheanta do Mhaois ar bharr Shliabh Shíonái agus rinne na hIosraeilítigh soitheach óir chun na leaca cloiche ar a raibh dlí Dé scríofa a choinneáil slán. Tugadh go hIarúsailéim Áirc seo an Chonartha agus bhí sí i dTeampall Sholaimh ar feadh i bhfad. Ach cá ndeachaigh sí? Mar ní raibh tásc ná tuairisc uirthi nuair a scrios na Bablónaigh an Teampall sa séú céad RCh. Ná ní raibh aon trácht uirthi nuair a scrios na Rómhánaigh an dara Teampall i 70 AD. Ach bhí ráflaí riamh ann go ndeachaigh an Áirc go dtí an Aetóip . . .

Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc, ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás. Os a choinne sin léirítear gáire agus gliondar, aois agus uaisleacht, creideamh agus cairdeas: taisteal, taiscéalaíocht agus tráchtaireacht curtha os ár gcomhair mar lón anama agus machnaimh.

 

Price: €12.00

Product Reviews

Tóraíocht thairbheach Léirmheas ar Seal san Aetóip le Frank Reidy Ciarán Ó Pronntaigh, An tUltach, Bealtaine 2014

Chuir mé aithne ar ábhar an tsaothair seo tríd an leabhar mór toirtiúil The Sign and the Seal: Quest for the Lost Ark of the Covenant. Cé gur ábhar thar a bheith suimiúil a bhí i gceist (go díreacht tóraíocht phearsanta ar Áirc an Chonartha, áirc mhistéireach a bhí lán cumhachtaí, fiú go dtí an lá inniu ann) bhí an leabhar fein cineál leamh.

Bhí an-easpa pictiúr (soiléir) ann agus bhí an cló brúite thar mhullach a chéile.

Eispéaras iomlán difrúil atá ann leis an leabhar gleoite seo leis an iar-cheannfort airm, Frank Reidy. Tá sé lán grianfhra d’ardchaighdeán, tá an téacs leagtha amach go seoigh agus tá stiallchartúin ann chomh maith. Ach níl an scéal báite sa snas nó léiríonn an t-údar tuiscint agus comhbhá le pobal na hAetóipe agus a gcuid seanchais.

Is scéal é seo a bhaineann le dream darb ainm na Falasha, treibh ghorm a mhaígh gur Giúdaigh iad ó Iosrael a chuir fúthu san AEtóip, blianta an-fhada roimh bhreith Chríost (cé gur aslonnaíodh cuid mhaith acu go hIosrael le blianta beaga anuas).

Maíomh eile atá acu go raibh Áirc an Chonartha acu agus go raibh cumhachtaí speisialta ag an áirc seo, cumhachtaí a thugann bás ach cumhachtaí a dhéanann maitheas, chomh maiht.

Ach is dream inotach daingean an dream atá i mbun na háirce agus ní bhíonn fonn orthu cead a thabhairt d’eachtrannaigh dul isteach sa dún ina bhfuil sí faoi ghardáil ghéar. Agus an dtagann an t-údar ar an áirc? Beidh ort an leabhar a cheannach tú féin!

Saighdiúir thar sáileCathal Póirtéir, The Irish Times, July 15, 2015

Is breá le Frank Reidy a bheith ag insint scéalta faoina chuid taistil i Ruanda, sa Chéinia, san Aetóip agus Oirthear na hAfraice trí chéile. Tá comhairle mhaith aige do dhaoine a bheadh ag tabhairt faoi leabhar taistil a scríobh.
“Níl do sprioc chomh tábhachtach le do thuras,’’ a mhíníonn sé. “Tá tábhacht leis na míorúiltí beaga a fheiceann tú ar do shlí.’’ Agus tá go leor acu sna leabhair Ó Chósta go Cósta, ar bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin air i 2010, agus Seal san Aetóip – sa Tóir ar Áirc an Chonartha (2013). Anois tá bailiúchán de scéalta traidisiúnta ó Oirthear na hAfraice á scríobh aige do dhaoine óga le léargas a thabhairt dóibh ar an chultúr sin.
Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht é an bhliain seo chugainn mar scéal grafach.
Is iar-cheannfort Airm é Frank a chaith tréimhsí le hArm na hÉireann thar sáile sa Mheán-Oirthear agus in Oirthear na hAfraice le fórsaí na Náisiún Aontaithe.
Tá spéis mhór aige i gcúrsaí idirnáisiúnta agus bíonn sé ag tráchtaireacht ar scéalta domhanda go rialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4. D’fhreastail sé ar an ollscoil nuair a bhí sé san Arm le cúrsa cumarsáide a dhéanamh agus bhí sé i gceannas ar an Rannóg Chumarsáide sa Choláiste Míleata i gCurrach Chill Dara, ag déanamh físeán traenála agus cláracha raidió. “Cineál Spielberg, ar scála an-bheag, ” a deir sé go magúil.
I 1994, bhí Mel Gibson ag déanamh Braveheart agus bhí saighdiúirí ón FCA ann agus oifigigh Airm i gceannas orthu.
Ní amháin go raibh Frank páirteach sa taobh sin de Braveheart, ach rinne sé a scannán féin faoi, Extra Braveheart a thaispeáin RTÉ.
Nuair a thosaigh cinedhíothú fuilteach i Ruanda i 1994, d’iarr an tArm ar Frank dul i gceannas ar lóistíocht ansin le cuidiú le heagraíochtaí neamhrialtais a bhí ag teacht i gcabhair ar an phobal.
“Ón lá sin, tá mé meallta ag an Afraic,” a admhaíonn sé. “Ní féidir liom fáil réidh leis, téann sé isteach i do chroí is i d’anam. Níl mórán áiteachaí eile cosúil leis. Caithfidh tú dul ar ais agus ar ais. Téim ar ais gach uile gheimhreadh.”
I ndiaidh dó an tArm a fhágáil d’oibrigh sé go páirtaimseartha leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, a d’iarr air dul ar ais go Ruanda i 2000 mar stiúrthóir tionscnaimh, rud a rinne sé le fonn.
“Bhí muid in ann an t-uafás a dhéanamh ansin, ag obair le dílleachtaí agus ag tógáil bunscoileanna. Tá tóir ansin ar an oideachais don aos óg thar aon ní eile.
“Thuig mé stair na gcomharchumann in Éirinn agus thosaigh muid ag cur tús le comharchumainn,” a deir sé . “Gnónna beaga ag deisiú rothar, ag gearradh gruaige, muileann a thosnú, comhlachtaí beaga a bhunú le cabhair ón bpobal.
“An rud a thug mé faoi deara i ngach uile áit ina raibh mé ná go gcaithfear éalú ó oidhreacht an choilíneachais agus an fhealsúnacht sin a chuireann dream amháin os cionn dreama eile. Nuair a shocraigh an fear geal ón Bheilg nó ón Fhrainc tosaíocht a thabhairt don Tutsi thar an Hutu, rinne sé buanú ar chiníochas agus tréibheachas. Tá sé an-éasca go fóill ag daoine teacht ón Iarthar agus gan cheist a chur ar phobal na háite faoin fhorbairt a theastaíonn uathu féin.’’
Is léir óna chuid scríbhneoireachta agus na grianghraif ghleoite sa dá leabhar aige go bhfuil dúil mhór ag Frank sna hainmhithe agus sa timpeallacht in Oirthear na hAfraice. Ach feiceann sé oidhreacht an choilíneachais ansin fosta, in áiteanna inár tugadh plandaí agus iasc isteach ón Eoraip a rinne scrios ar an dúlra dúchasach.
“Tá daoine ann atá ag tabhairt múnlaí Eorpacha isteach chun na hAfraice nach n-oibríonn ansin,” a deir se le drochbhlas. “Loch Tarcana, mar shampla. Thóg siad monarcha ollmhór do dhéantús oighir le hiasc a choinneáil úr, i gceantar nach maith leis na daoine ann iasc a ithe. Bhí sé mí-oiriúnach ar fad, cosúil le tithe gloine do thrátaí nó monarcha saighdiúirí luaidhe sa Ghaeltacht!’’
Cuireann a dhá leabhar síos ar dhaoine agus áiteanna a chuaigh i bhfeidhm air chomh maith le stair agus cultúr na dtíortha inar thaistil sé. Bhí sé ar an chéad iriseoir ón Eoraip a thug cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama sula bhfuair sé ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na huachtaránachta.
Is de shliocht Luo iad muintir Obama agus tá clú orthu as a bheith sa tóir ar oideachas. Moltar a n-éirim aigne agus deirtear sa tseanchas go bhfuil siad chomh cliste sin siocair gur ith siad iasc ó Loch Victoria!