CIC Logo

Teachtaireacht

By Colin Ryan, Cló Iar-Chonnacht

Reference: 9781784441227  

In this collection of short stories, Colin Ryan, an Irish-language writer from Australia, makes his own of the language and gives it a unique Australian twist. The stories touch on travellers, criminals, soldiers, the dead, people who have gone missing, people who are searching for others, and those who are being searched for. Like a dream, or a surreal alternate universe, themes of love and hatred are examined, life and death, sadness and anxiety, so that we are never really sure where we stand and our only option is to look again and revisit these perceptive stories. 

"Más spéis leat an gearrscéal, agus a fhorbairt, tá mé ag capeadh go mbainfidh tú taitneamh nach beag as an mbailiúchán seo le Colin Ryan. " - léirmheas le Peadar Bairéad, An tUltach, Samhain 2015. 

Price: €8.00 Price Now: €4.00

Product Reviews

Ar foluain in aimsir na dtromluí, a review by Aonghus Ó hAlmhain of 'Teachtaireacht' by Colin Ryan. This review was published on the blog, Smaointe Fánacha Aonghusa. Read the original review at this link: http://aonghus.blogspot.ie/2015/11/ar-foluain-in-aimsir-na-dtromlui.html

In aimsir na mbrionglóid a cruthaíodh an domhan dar leis an léamh acadúil ar sheanchas bundúchasaigh na hAstráile. Is ón Astráil a tháinig cnuasach seo Colin Ryan chugainn, ach seachas cruthú domhain nua is éard atá sna scéalta seo ná sceitsí, mar a beadh trí cheo, de shaol daoine agus de shaol na cruinne ag titim as a chéile.

Tá cuid de na scéalta ar foluain ar fad sa chaoi is nach léir domsa an i dtromluí de chuid priomh phearsana na scéalta atá an gníomhaíocht ar fad nó an amhlaidh gur trasnáil idir an ceantar agus an alltar atá ag tarlú iontu.

Caithfidh mé a rá go raibh mé ag streachailt le hábhar an leabhair seo - tá máistreacht ag Ryan ar an teanga atá in úsáid aige agus téagar san úsáid. Ach mhothaigh mé an insint a bheith doiléir ceomhar tríd síos agus ní raibh mé in ann mórán adhmaid a bhaint as na scéalta.

Píosaí gairide iad, duine amháin i lár na gach scéal acu, scéal nó dhó ina bhfuil an príomhphearsa céanna. Bíonn siad scaití i ngleic le duine eile, ach ar an mórgóir iad gafa lena smaointí is cuimhní féin agus iad beo i saol a shilfeá bheith iar apacailipteach.

Tá scéal nó dhó sa chnuasach atá rud beag níos réalaí, agus is astu is fearr a bhain mé adhmaid. Ach tá an ghné mistéireach duairc ag baint leo sin freisin.

Cló Iar Chonnacht a d'fhoilsigh agus a sheol cóip léirmheastóireachta chugam.

Leabhair na Bliana, Comhar, December 2017. An excerpt from an article by Antain Mac Lochlainn.

Cnuasach gearrscéalta a foilsíodh cúpla bliain ó shin mo chéad rogha, is é sin 'Teachtaireacht' leis an údar Astrálach Colin Ryan (Cló Iar-Chonnacht). Léigh mé an uair a foilsíodh é ach ní bhfuair mé mian mo chroí air - tá leabhair ann nach ligeann a rún leat ar an chéad léámh. Is é 'rún' an t-eochairfhocal i gcás na scéalta seo. Níl mé ag rá go dtiocfadh liom cuntas a thabhairt ar an méid a 'tharlaíonn' i scéal ar bith acu, ach oiread le haisling na hoíche aréir. Na carachtar féin, ní go rómhaith a éiríonn leo greim a choinneáil ar shnáithe an scéil, ná ar shnáithe a saoil ach oiread. B'ait liom an teannas idir an stíl lom dhíreach agus mianach béaloideasúil neamhsaolta na scéalta. Is é mian gach scríbhneora a ghuth féin a aimsiú; déanaim amach gur éirigh le Ryan sin a dhéanamh go paiteanta sa chéad chnuasach seo. Nára fada uainn teachtaireacht eile ón leathsféar theas.

Bhí gearrscéal de chuid an údair seo ar Feasta (Aibreán 2016) agus é léite agam sara bhfuaireas deis an cnuasach spéisiúil seo a léamh. 'Go hIfreann' an teideal ar an sceál a bhí ar Feasta. Mar seo a thosnaíonn:
'Níl aithne agat orm, an dtuigeann tú?' a dúirt Oksana. 'Ní hé go raibh bior sa teine agam duit. Ach bhí a fhios agat go dtabharfainn cuairt ort. Nó duine de mo leithéid.'

Ba dheacair scéal a thosnaíonn mar sin a chaitheamh ar leathtaoibh, agus go deimhin bhaineas fíor-thaitneamh as ó thosach deireadh. Léirigh an t-údar go raibh cumas scríbhneoireachta faoi leith ann. Bhíos ag tnúth dá réir leis na ceithre cinn déag de ghearrscéalta atá sa leabhar seo.

Seo an chéad chnuasach ó Colin Ryan. Ní deirtear linn cé he féin, ná cárbh as dó. Ach mar thoradh ar roinnt tochailte ar an idirlíon, tuigim gur rugadh agus gur tógadh san Astráil é, agus gur san Astráil atá a mhuintir lonnaithe ó lár an 19ú haois anonn. Bí cinnte nach bhfuil aon locht le fáil ar a chuid Gaeilge ámh. A mhalairt atá léirithe aige sna scéalta seo uaidh. Agus seachas cumas ceapadóireachta nach beag a bheith sa bhfear, níl aon leisce air focail mhóra ghroí neamhchoitianta a úsáid anois is arís. A chonách sin air.

Roinnt tuisceana aige ar Fhraincis freisin. Tá scéal dar teideal 'I bPáras' istigh i lár baill agus abairt nó dhó i bhFraincis ann, ach muna bhfuil Fraincis ar a thoil ag an léitheoir is leor dó ar a mhó an comhthéacs chun ciall a bhaint as a bhfuil ann.

Ach cén tuiscint a bheadh ag údar Astráileach ar an saol i bPáras na Fraince? Nó ar thráth a raibh dúil ag an Fhrainc in impireacht dá cuid féin a bhunú, agus an tionchar a imríodh ar an Fhrainc féin dá bharr sin. Níorbh ionann an dearcadh in aon chor a bhí ag na Francaigh ar na críocha i gcéin faoina smacht agus dearcadh ár gcomharsan ionúin féin. B'é lámh láidir mian mhuintir na Breataine, ach comhpháirtíocht a bhí mar sprioc agus mar mhodh oibre ag na Francaigh. D'fhág san go bhfuil Arabaigh fós líonmhar a ndóthain ar an bhfód sa bhFrainc, agus iad mar chuid den saol ann. Agus sin cúlra an tsaothair. Smaointí seachas scéal lena bhfuil tosach, lár, agus deireadh, atá ann. Ach is leor é. Níl an insint ró-fhada. Tá sé spéisiúil. Ní dóigh liom go gcuirfidh sé déistin ar aon léitheoir.

'Teachtaireacht' atá mar theideal ar an leabhar, agus sin an teideal atá ar an ngearrscéal deireanach sa chnuasach. Scéal ón tseanaimsir é seo. Scéal ón drochshaol. Cursaí dian a ndóthain ar dhaoine. Ach coinne acu i gcónaí le feabhas a theacht ar a mbeatha. Deireadh le anró an tsaoil. Dúil ag chuile dhuine ina leithéid sin gan amhras. Scéal deas. Is fiú é a léamh.

Dáiríre, is fiú chuile scéal a sa chnuasach seo a léamh. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil aon cheann acu leadránach ná ró-fhada. An locht, b'fhéidir, ná go bhfuil corrcheann ró-ghairid. Níl ach míle focal nó gar dó i gcuid acu. Ach nach minic a bhíonn blas ar an mbeagán?

Is dóigh liom go mbainfidh léitheoirí taitneamh as an gcnuasach seo ó fhear na hAstráile.