CIC Logo

Comhrá trí Ghaeilge BUNLEIBHÉAL - CÁRTAÍ ORÁISTE

By Clever Mind Toys

Tagairt: 0700461437215  

Comhrá trí Ghaeilge -

BUNLEIBHÉAL - CÁRTAÍ ORÁISTE Aoisghrúpa 6+

Seit cártaí i nGaeilge chun comhrá agus caint a spreagadh. Tá 56 cárta i ngach bosca agus ceisteanna simplí ar gach cárta chun tacú le cainteoirí agus foghlaimeoirí óga comhrá a bheith acu i nGaeilge. 

Cén chaoi a n-oibríonn na cártaí? 

Níl le déanamh chun an comhrá a spreagadh ach cárta a tharraingt amach as an bpaca agus an cheist atá scríofa air a chur ar an duine eile sa gcomhrá. 

Tá siad an-fheiliúnach don seomra ranga nó sa mbaile má tá clann ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt sa mbaile. 

Feiliúnach do chiorcail chomhrá. 

 

Praghas: €8.00