ARDLEIBHÉAL - AOISGHRÚPA 10+ (CÁRTAÍ GORMA)
Níl le déanamh agat ach an cheist a chur!
Paca cártaí comhrá trí Ghaeilge ar leibhéal atá feiliúnach don aoisghrúpa 10 +
Tá 56 cárta i ngach bosca agus tá ceist ar gach cárta chun comhrá a spreagadh.
Cén chaoi a mbaintear úsáid as na cárta?
Chun na cártaí a úsáid, níl le déanamh ach cárta a tharraingt amach as an bpaca, an cheist atá ar an gcárta a chur agus cuir tús leis an gcomhrá.
Baintear úsáid as na cártaí seo sa seomra ranga, sa teach sa mbaile chun tuilleadh Gaeilge a labhairt sa mbaile, nó ciorcal comhrá do dhaoine fásta chun an chaint a spreagadh sa ngrúpa.
Tá na cártaí seo ar fáil ar bhunleibhéal freisin don aoisghrúpa 6+ (cártaí oráiste).