CIC Logo

Damhsa ar an Sean-Nós (DVD)

By Gearóid Ó Dubháin, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: DVD   

Tá ceird agus ealaín i gceist le damhsa ar an sean-nós.  Ealaín a théann siar i bhfad i ndúchas mhuintir na hÉireann — agus a bhfuil rian láidir de fós le fáil i ndeisceart Chonamara.  

Níl áit níos fearr a bhfuil áit an damhsa ar an sean-nós fós ina steillbheatha ná i dtig mhuintir Uí Dhubháin san Aird Mhóir i gCarna.  Tá ealaín an damhsóra á chleachtadh Tigh Dhubháin inniu mar a bhí sé céad bliain roimhe seo.  Is óna n-athair Séamus Ó Dubháin a d'fhoghlaim Gearóid agus Páraic a gcuid damhsa, go nádúrtha, ar leic an teallaigh.

Sa chlár seo tá Gearóid faoi ealaín an damhsóra agus é ag cleachtadh a cheird.  Múineann sé na céad chéimeanna a theastaíonn a fhoghlaim le tús a chur le foghlaim an damhsa ar an sean-nós.

Praghas: €30.00